European Commission logo
Create an account
Can select multiple words with divider comma

EPALE - Ardán Leictreonach don Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Cad é an taighde agus an fhianaise ar fhoghlaim aosach san Eoraip atá ar fáil?

Ní mór an beartas agus an soláthar do riachtanais foghlama aosaí a bhunú ar fhianaise ar bhearta éifeachtacha. Cabhraíonn an Coimisiún Eorpach trí thaighde a choimisiúnú agus tríd an bhfaisnéis is déanaí a scaipeadh ar an lucht déanta beartas agus ar gheallsealbhóirí.


Anailís ar a éifeachtaí atá beartais foghlama aosaí


D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach staidéar inar tugadh le chéile an fhianaise is déanaí ar na tosca ratha a dhéanann beartais foghlama aosaí éifeachtach. Áirítear air creat chun anailís a dhéanamh ar bheartais agus ar threoir do na Ballstáit maidir le beartais éifeachtacha foghlama aosaí a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Sin é an bonn le hUirlis EPALE um Anailís ar Bheartas, a dearadh chun cabhrú leis an lucht déanta beartas measúnú a dhéanamh ar a gcuid beartas agus soláthair foghlama aosaí, agus feabhsúcháin a dhéanamh nuair is gá.

Staidéar ar a Éifeachtaí atá Beartais Foghlama Aosaí

Creat anailíseach

Uirlis EPALE um Anailís ar Bheartas



Suirbhé ar Scileanna Aosach


Cuireann an Coimisiún Eorpach le Suirbhé ar Scileanna Aosach de chuid PIAACa eagraíonn an OECD. Cuireann an suirbhé sonraí iontaofa ar fáil faoi scileanna aosach i 40 tír ar fud an domhain. Taispeánann sé go bhfuil céatadán an-ard aosach san Eoraip nach bhfuil bunscileanna sásúla litearthachta, uimhearthachta ná digiteacha acu.

Achoimre ar an Suirbhé ar Scileanna Aosach

Taighde úsáideach eile ar fhoghlaim aosach

Seo roinnt nasc chuig taighde agus staidéar eile ar fhoghlaim aosach a choimisiúnaigh an CE:


Foghlaimeoirí Aosach i dTimpeallachtaí Foghlama Digití

Déantar cur síos sa staidéar seo ar an staid i láthair na huaire i dtaca le foghlaim TFC-bhreisithe, lena n-áirítear AOO, in oideachas aosach, i dtíortha difriúla. Tuairiscítear ann na buntáistí éagsúla a ghabhann le TFC a úsáid i bhfoghlaim aosach, agus tugtar moltaí don lucht déanta beartas, do sholáthraithe foghlama agus d’fhoghlaimeoirí faoin tslí is fearr le TFC a úsáid.


Oideachas agus Oiliúint Aosach san Eoraip – an teacht ar dheiseanna foghlama a leathnú

Úsáidtear roinnt táscairí san fhoilseachán seo chun cur síos mionsonraithe a dhéanamh ar na beartais agus an soláthar oideachais agus oiliúna aosaí i dtíortha AE, ag díriú ar na grúpaí foghlaimeoirí is leochailí, go háirithe iad siúd atá gan bunscileanna agus cáilíochtaí, nó a bhfuil cáilíochtaí ar leibhéal íseal acu.


Maoiniú na hearnála foghlama aosaí

Déantar anailís sa staidéar seo ar na cineálacha difriúla cur chuige i leith mhaoiniú na foghlama aosaí i roinnt tíortha AE, i gcomparáid le tíortha eile lasmuigh den AE. Scrúdaíonn sé foinsí difriúla airgeadais agus cineálacha éagsúla ionstraimí maoinithe agus déanann moltaí don lucht déanta beartas.


An tArdoideachas a Oscailt d’Aosaigh

Úsáidtear samplaí de dhea-chleachtas ó 15 thír sa staidéar seo chun féachaint ar shlite a bhféadfaí an t-ardoideachas a dhéanamh níos solúbtha agus dá réir sin níos insroichte do dhaoine níos faide amach ina saol.


Príomhinniúlachtaí do ghairmithe foghlama aosaí

Tá an staidéar seo bunaithe ar anailís a rinneadh ar dhea-chleachtas i dtíortha éagsúla. Aithnítear ann na príomhinniúlachtaí a bhíonn de dhíth ar ghairmithe éagsúla a oibríonn san earnáil foghlama aosaí, bainistíocht agus forbairt clár san áireamh, gan trácht ar mhúinteoireacht. D’fhéadfaí an staidéar seo a úsáid chun próifílí inniúlachta a fhorbairt do bhaill foirne oideachais aosaigh.


Gairmoideachas agus Oiliúint Leanúnach san Eoraip – an bóthar romhainn

Tugtar le chéile san fhoilseachán seo taighde a rinneadh le déanaí ar Ghairmoideachas agus Oiliúint Leanúnach (CVET). Déantar anailís ann ar an méid a chuireann CVET le cuspóirí beartais idir eacnamaíoch agus shóisialta, tugtar breac-chuntas ann ar na gnóthachtálacha is mó i gcleachtais agus i mbeartais CVET agus aibhsítear ann bearnaí beartais agus dúshláin atá fós le sárú.


Foghlaim obairbhunaithe i ngairmoideachas agus oiliúint leanúnach: beartais agus cleachtais in Éirinn

Is foilseachán é seo atá bunaithe ar staidéar ar fhiontair mheánmhéide i sé cinn de thíortha. Déantar anailís ann ar bheartais agus cleachtais na foghlama obairbhunaithe in CVET, déantar cur síos ar na príomhfhoirmeacha agus pátrúin d’fhoghlaim obairbhunaithe in CVET agus aithnítear na buntáistí, riachtanais agus dúshláin is mó.


Aosaigh Dífhostaithe a Uasoiliúint - soláthar oiliúna a eagrú, a phróifíliú agus a spriocdhíriú

Bunaíodh an t-athbhreithniú seo ar thuairiscí ó 33 tír. Déantar cur síos ann ar mhaoiniú, rialachas agus cur chun feidhme idirghabhálacha oiliúna do dhaoine fásta dífhostaithe, múintear ceachtanna i dtaobh dea-chleachtas, leagtar amach na dúshláin a bhíonn le sárú i gcláir oiliúna agus cuirtear moltaí i láthair.