European Commission logo
Logáil isteach Create an account
Each keyword is searched for in the content.

EPALE - Ardán Leictreonach don Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Mar gheall ar EPALE

Pobal ballraíochta oscailte ilteangach Eorpach is ea EPALE, pobal gairmithe foghlama aosaí, lena n-áirítear oideoirí agus oiliúnaithe aosta, foireann treorach agus tacaíochta, taighdeoirí agus lucht acadaimh, agus lucht déanta beartais.

Clár Erasmus+ is ea a mhaoiníonn EPALE. Is cuid de straitéis an Aontais Eorpaigh é deiseanna foghlama níos fearr agus níos iomadúla a chur chun cinn do chách.

Déanann EPALE amhlaidh trí na gairmeacha foghlama aosaí a thacú agus a neartú. Cumasaíonn sé dá bhaill teagmháil a dhéanamh le comhghleacaithe ar fud na hEorpa agus foghlaim uathu, trína bhlag agus a uirlis chuardaigh comhpháirtithe, a chomhlánaítear le cruinnithe san fhíorshaol.

Soláthraíonn EPALE raidhse eolais chruinn ar ardchaighdeán, eolas atá bainteach le cleachtóirí foghlama aosaí. Le himeacht aimsire, ba chóir go mbeadh níos mó den eolas seo á chur ar fáil ag na baill féin. Foghlaim tuilleadh faoin tslí le dul i mbun caidrimh le pobal EPALE.

Tá beartas láidir eagarthóireachta ag EPALE, a dhíríonn ar an bpobal foghlama aosaí. Ba mhaith linn go mbraithfeadh gach úsáideoir go bhfuil fáilte rompu ar an suíomh seo, agus gur féidir leo muinín a bheith acu as an eolas a chuirtear i láthair ar an ardán seo. Léigh ár ráiteas beartais eagarthóireachta iomlán (PDF, 305 KB).

Ar bhonn laethúil, tá EPALE faoi bhainistiú ag Foireann Tacaíochta Lárnach le cabhair ó 37 cinn d’Fhoirne Tacaíochta Náisiúnta  ar fud na hEorpa. Geallaimid páirt a thabhairt duit i ngach cuid d’fhorbairt EPALE, ionas go gcomhlíonfaidh sé dá bhfuil tú ag súil leis agus go dtabharfaidh sé duit gach a mbeidh uait chun bheith ar an eolas faoi fhorbairtí san fhoghlaim aosach ar fud na hEorpa.

Téigh isteach anois le bheith páirteach sa phobal foghlama aosaí is mó san Eoraip!

Maoinítear EPALE faoi Chlár Erasmus+ tríd an An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an AS Oideachais agus Cultúir ag eac-epale@ec.europa.eu nó tríd an bpost:

European Commission

DG Education, Youth, Sport and Culture

EACEA A2 - Erasmus+: Platforms, Skills and Innovation

Office SPA2 03/100

Avenue du Bourget1

BE - 1049 Brussels/Belgium

Tabhair do d’aire le do thoil: Ní fhormhuiníonn an Coimisiún Eorpach na scéalta nuachta, tuairimí agus acmhainní a fhoilsítear ar shuíomh EPALE.