chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE - ríomhArdán d’Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Conas beartais éifeachtacha foghlama aosaí a cheapadh

Dála gach beartas eile, ní mór do bheartais foghlama aosaí a bheith éifeachtach ó thaobh a gcuid cuspóirí a chomhlíonadh agus an tionchar inmhianaithe a bheith acu. Is ionann tuiscint a fháil ar a bhfeidhmíocht agus fáil amach cibé an bhfuil gaol ann idir na gníomhartha éagsúla beartais agus na torthaí a fhaightear orthu.

Léirítear an gaol seo sa léaráid thíos. Chun iniúchadh a dhéanamh ar ról na gcomhpháirteanna éagsúla cliceáil gach ceann díobh.

In athbhreithniú córasach ar fhianaise thaighde, aithníodh “príomhthosca ratha” ó thaobh beartas éifeachtach d’fhoghlaim aosach a cheapadh. Is grúpaí gníomhartha beartais iad seo a gcruthaíonn an fhianaise go n-éiríonn leo rátaí rannpháirtíochta i bhfoghlaim aosach a fheabhsú, ionas go gcuirtear le leibhéil scileanna agus inniúlachtaí agus leibhéal iomlán na cáilíochta.

 

Is ionann toisc ratha agus grúpa de bhloic thógála ghaolmhara a aithnítear trí fhianaise mar thosca a chuireann lena éifeachtaí atá beartais foghlama aosaí, rud a léirítear le hathruithe ar an ráta rannpháirtíochta i bhfoghlaim aosach, leibhéal na scileanna agus na n-inniúlachtaí agus leibhéal na cáilíochta san fhoghlaim aosach.

Key Sucess Factors

Príomhthosca Ratha

Is ionann bloc tógála agus gníomh beartais a aithníodh san fhianaise mar ghné éifeachtach as a leanann feabhsú ar an ráta rannpháirtíochta i bhfoghlaim aosach, ar leibhéal iomlán na scileanna agus na n-inniúlachtaí nó ar cháilíocht na foghlama aosaí.

Building Blocks for Success

Bloic Thógála an Ratha

Tomhaiseann táscaire ar leibhéal córais a éifeachtaí atá beartais foghlama aosaí tríd is tríd. Áirítear ar na táscairí seo an ráta rannpháirtíochta i bhfoghlaim aosach, leibhéal na scileanna agus na n-inniúlachtaí agus cáilíocht na foghlama aosaí.

Building Blocks for Success

Táscairí ar Leibhéal Córais

Léiríonn toradh an tionchar iomlán atá ag beartas foghlama aosaí ar fhoghlaimeoirí aonair, fostóirí agus an pobal.

Building Blocks for Success

Torthaí