Tá COVID-19 ag athbheochan an ghá atá le deiseanna teagaisc agus foghlama ar líne a fhiosrú

Ó d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an ráig Choróinvíris ina paindéim tá dúshlán mór roimh dhaoine ar fud an domhain. Tá tionchar suntasach ag an gCoróinvíreas ar ár saol ar fad, ach tá sé ina dhúshlán freisin, dár gcumas oiriúnú agus a bheith athléimneach.
Táimid i staid éigeandála agus ní mór dúinn freagairt le slite éagsúla oibre, siopadóireachta, foghlama agus cumarsáide. Tá taithí againn ar shiopadóireacht ar líne agus ar líonraí sóisialta, agus ní rud nua dúinn í an chianfhoghlaim. Tá COVID-19 ag athbheochan an ghá atá le deiseanna teagaisc agus foghlama ar líne a fhiosrú, áfach.
Oideachas ar líne
Tá an earnáil oideachais ag freagairt do choraintín le hathrú tobann chuig foghlaim ar líne. Mar sin féin, éilíonn teagasc ar líne smaoineamh cúramach ar an gcaoi a bhfuil foghlaimeoirí agus múinteoirí ullmhaithe don athrú agus ní mór dianmhachnamh a dhéanamh ar cibé an bhfuil an stíl teagaisc éifeachtach i gcónaí má aistrítear ón seomra ranga chuig feistí teicneolaíochta í. Thairis sin, tá an éagothroime níos measa maidir le rochtain a fháil ar theicneolaíocht agus ar fheistí digiteacha. Bíonn cineál éagothroime dhigiteach ag cur isteach ar go leor foghlaimeoirí sa mhéid nach bhfuil na naisc agus na feistí acu chun tabhairt faoi chianfhoghlaim. Go deimhin, leathnaíonn an ráig seo an bhearna idir na daoine siúd atá in ann rochtain a fháil ar dheiseanna foghlama digití agus iad siúd nach bhfuil. Níl rochtain comhionann, agus feicimid éagothroime ag fás.
Agus fós, cé gur ar an teicneolaíocht agus ar uirlisí a dhírítear ar dtús, is é trua daonna an bua is láidre i gcónaí.
Uirlisí úsáideacha
Tá ról ríthábhachtach ag córais bhainistíochta foghlama digití, uirlisí cumarsáide agus ardáin ríomhfhoghlama le linn na paindéime seo. Is féidir le bogearraí agus feidhmchláir cabhrú le soláthraithe foghlama an próiseas foghlama a bhainistiú, a phleanáil, a sheachadadh agus a rianú.
D’fhéachfaimis ar roinnt uirlisí úsáideacha. Níl an liosta uileghabhálach agus tá sé oiriúnaithe d'oideachas aosach; sliocht de liosta níos cuimsithí is ea é a d'fhoilsigh EOECNA.
Córais bhainistíochta foghlama digiteacha Moodle is bogearra foinse oscailte saor in aisce é Moodle atá deartha chun cabhrú le hoideachasóirí cúrsaí éifeachtacha ar líne a chruthú Google Classroom cabhraíonn sé le daltaí agus le múinteoirí tascanna a eagrú, comhoibriú a threisiú, agus cumarsáid níos fearr a chothú Docebo seirbhís a thairgeann córas bainistíochta foghlama is ea é seo atá ag díriú ar fhorbairt ghairmiúil Blackboard cuireann sé réitigh, acmhainní agus uirlisí ar fáil chun cabhrú le teagasc ardchaighdeáin ar líne a sheachadadh Edmodo is uirlis d'oideachasóirí é seo chun teachtaireachtaí a sheoladh, ábhair ranga a roinnt, agus foghlaim a dhéanamh inrochtana do mhic léinn in áit ar bith Skooler is córas é Skooler atá comhtháite go heisiach agus go hiomlán le Microsoft Office 365 Ekstep cuireann Ekstep bailiúchán d'acmhainní foghlama litearthachta agus uimhearthachta ar fáil agus an deis chun acmhainní nua a chruthú Cell-Ed tá sé seo ceaptha chun freastal ar riachtanais na bhfoghlaimeoirí fásta LabXchange pobal ar líne a thugann faoi fhoghlaim, roinnt, agus comhoibriú atá ann Quizlet feidhmchlár staidéir soghluaiste agus gréasán-bhunaithe é seo a éascaíonn foghlaim agus teagasc trí uirlisí agus cluichí |
Uirlisí cumarsáide Zoom is féidir é seo a úsáid le haghaidh cumarsáid físe, comhdháil físe agus fuaime, comhráite agus seimineáir ghréasáin Skype is uirlis saor in aisce é seo chun físeáin agus glaonna duine le duine chomh maith le glaonna grúpa a dhéanamh Microsoft Teams ardán é seo a chomhcheanglaíonn comhrá san áit oibre, cruinnithe físe, agus stóráil comhad Google Hangouts Meet cumasaíonn sé seo téacs, guth, nó comhráite físe, ceachtar díobh, duine le-duine nó i ngrúpa Dingtalk córas comhdhála físe agus fuaime is ea é seo |
MOOCs Canvas cuireann sé cúrsaí agus ranganna ar líne ar fáil saor in aisce atá dírithe ar fhorbairt ghairmiúil oideoirí Alison cúrsa féinluais atá deartha ag saineolaithe ábhair, a thugann eispéireas foghlama idirghníomhach saibhrithe Coursera tugann sé seo rochtain ar níos mó ná 2000 cúrsa agus speisialtóireachtaí atá forbartha ag na hollscoileanna is fearr ar domhan EdX seachadann EdX 2000 cúrsa Ar Líne ó 140 príomhinstitiúid ó gach cearn den domhan, ag tairiscint deise scileanna nua a fháil Future Learn cuireann sé seo cúrsaí ar líne ar fáil atá dírithe ar staidéar breise, scileanna gairmiúla a thógáil, agus ceangal le saineolaithe Funzi seachadann sé seo cláir oiliúna agus oideachais trí sheirbhís foghlama soghluaiste Empower tacaíonn sé seo le comhoibriú agus le comhroinnt saineolais idir ollscoileanna agus soláthraithe Eorpacha maidir leis na forbairtí is déanaí san oideachas ar líne, oideachas oscailte agus oideachas solúbtha |
Níl iontu seo ach cúpla uirlis a d'fhéadfadh cabhrú le foghlaim leanúnach a chinntiú le linn na paindéime Coróinvíris seo. Mar is eol duit cheana féin, ní bheidh aon teicneolaíocht in ann dul in ionad do chuid saineolais, díograise agus ná do chur chuige daonna i leith an oideachais!
Tá fáilte romhat do thuairim a chur in iúl agus d'eispéiris a roinnt!
Dála an scéil...
Cuireann oifig réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip roinnt cúrsaí oiliúna ar líne ar fáil. Tá siad seo dírithe ar oibrithe cúram sláinte agus ar ghairmithe sláinte poiblí. I bhfocail eile, iad siúd atá ag obair ar an líne tosaigh in éigeandálaí. Cuireann Discovery Education acmhainní agus ábhair teagaisc éagsúla ar fáil d'fhoghlaimeoirí faoi víris agus faoin ráig Thairis sin: an moladh ó EOECNA maidir le hAcmhainní Oideachais Oscailte agus an sainmhíniú orthu agus níos mó acmhainní oideachais oscailte i litearthacht agus oideachas bunúsach.
[last update 24/03/2020]
Nóta tráchta
Tiešsaites mācības ir kas
COVID-19 pārmaiņas
Sākotnēji attālinātā
Mācību process tiešsaistē
Mans viedoklis par mācībam tiešsaitē
Mācības tiešsaistē
Mācības tiešsaistē ir ļoti
Tiešsaistes izglītība
Mācības tiešsaistē
Pārmaiņas un attālināta darba iespējas.
Jā, tiešsaistes mācības
Šīs pārmaiņas nāks tikai par
Jauna pieredze
Uz mācībām attālināti bija
Jauna pieredze
Digitālās mācību iespējas
Un artículo fantástico. Lo
Pilnīgi piekrītu Jūsu
Pārdomas par ierīcēm un online rīkiem.
Plataformas COVID
Pārmaiņas notika ļoti ātri un
Muy interesante este artículo
Pārmaiņas mūsu dzīvē ir
Pārbaudījums un iespējas
Did you know that there is a
Piekrītu, ka COVID-19 ir
E-learning with Chamilo
Pēc manām domām, šīs
Pārmaiņas!!!
NSS Cyprus
Dorzucę kilka :)
- Miro.com, https://awwapp.com/ , https://mural.co/ - Bardzo ładne tablice do kolaboracji, burz mózgów, prezentacji
- checkin.daresay.io/ - Wykorzystuję na początek webinarów, czekając aż się wszyscy zalogują
- Niezawodne Kahoot,Quizizz, Menti.com - do angażowania wszystkich uczestników w czasie webinarów.
Mācības tiešsaistē
Šis pandēmijas laiks ir licis veikt daudz pārmaiņu, bet ne visas ir tik sliktas. Protams, tiešsaistē pietrūkst socializāciajas un motivācija kļuvusi zemāka, kā arī ne visiem varbūt ir iespējas un prasmes labi rīkoties ar tehnoloģijām, bet, manuprāt, tajā pašā laikā jāsaprot, ka dzīvojam tehnoloģiju laikmetā un tāpat ar tām agrāk vai vēlāk jāiemācās sadzīvot, jo tās vairs nekur nepazudīs... Skatoties no gaišās puses šim laikam, liels pluss ir, ka skolotāji apgūst daudz jaunus mācību rīkus internetā, kurus pēc tam varēs izmantot arī klātienes procesā! Vēl viens pluss ir, ka nav klasvadības problēmas, bet.... Vienīgi ir cita veida problēmas, kā neatbildēšana, un arī skolotājs nezina, vai bērns otrpus ekrānam strādā. Šo problēmu es risinu ar nelieliem patstāvīgiem kontroluzdevumiem, kurus viņi veic tīmekļa vietnē Nearpod.com. Šis rīks pagaidām ir viens no labākajiem manā uztverē, jo var izveidot ar viņu dažādas interaktīvas aktivitātes, kā testi, aizpildīt tekstā tukšās vietas, savienot pārī utt. kā arī viena lieliska aktivitāte ir, kad skolēni var ar datora peli vai ar pirkstu (ja ir skārienjūtīgs ekrāns) var zīmēt un rakstīt. Un pats galvenais, skolotājs var sekot līdzi, kurš skolēns dara vai nedara, kas ir pareizs kas nē, un pēc tam viegli sniegt atgriezenisko saiti.
Kopumā varu teikt, ka vieglāk šo laiku ir pārdzīvot, cenšoties raudzīties no pozitīvās puses, jo tomēr no katra notikuma varam ko noderīgu paņemt un jaunu iemācīties!