European Commission logo
Create an account
Can select multiple words with divider comma

EPALE - Ardán Leictreonach don Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Blog

Roinnt smaointe ar litearthacht aosach in Éirinn in 2019

TreeImage.
Mary Mitchell

 

Dublin Adult learning centre (D.A.L.C.).

Níos luaithe i mbliana, d'fhreastail mé féin agus roinnt mac léinn eile ón Ard-Dioplóma Breisoideachais ar an gcúrsa litearthachta aosach in Ionad Bhaile Átha Cliath don Oideachas Aosach (D.A.L.C.)  

 

Mar chuid den ionduchtúchán don chúrsa bhí teistiméireachtaí ó bheirt mhic léinn. Chualamar mar a d'athraigh a saol agus mar a leathnaíodh go mór é. Chuaigh an scéal go croí ionainn agus thug sé inspreagadh dúinn. Mhínigh siad cuid dá gcúlra agus dá dtaithí saoil roimhe seo sular chuadar i mbun a gcuid staidéir ag DALC. D'oscail a dturas i DALC a ndomhan trí litearthacht. I dtosach báire bhí rudaí beaga i gceist cosúil le bheith in ann a n-ainm a shíniú, oideas a thug an dochtúir a léamh agus a thuiscint, toghairm dhlíthiúil nó nóta a léamh ó mhúinteoir a bpáistí. Tar éis an ionduchtúcháin an oíche úd thugamar faoi phlé a dhéanamh ar shlite ar féidir linn mar oideoirí fásta tionchar a imirt ar fhoghlaimeoirí a fhreastalaíonn ar chúrsaí oideachais aosaigh. Is minic a bhíonn turas deacair ag daoine fásta atá ag filleadh ar an oideachas tríd an gcóras oideachais ar chúiseanna éagsúla (Féach: Scéal coscrach mná áirithe a thug faoi litearthacht aosach

 

Dhíríomar ar thrí réimse sa phobal a measaimid gur féidir linn feabhas a chur ar litearthacht aosach, ar an gcaoi a n-imríonn litearthacht tionchar ar dhinimic ár dteaghlach, litearthacht inár bpríosúin, agus litearthacht inár gcúram sláinte. 

Screenshot_2019-12-12_at_18

Tar éis dom a bheith ag obair mar ghairmí cúraim sláinte sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, chonaic mé an tábhacht a bhaineann le litearthacht sláinte go pearsanta. Is féidir le húsáideoirí an chórais cúraim shláinte a saol laethúil a chaitheamh gan aon deacracht litearthachta a bheith acu go dtí go mbainfidh siad úsáid as an gcóras cúraim shláinte. Nuair a mhothaíonn daoine go bhfuil siad leochaileach agus scanraithe, tá bac ar a gcumas faisnéis a thuiscint. Léiríonn staidéir go bhfuil an plé idir othar agus cleachtóir go tapa go minic agus go bhfuil deiseanna labhartha teoranta ag na hothair (Roter 2000, Langewitz et al 2002). 

 

Is é deireadh a chur leis na bacainní an tslí chun scileanna litearthachta a fheabhsú i measc úsáideoirí cúraim sláinte agus gairmithe. Áirítear 'Dia duit... is ainm dom' ar thionscnaimh de chuid FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte). Chuir Kate Granger, dochtúir leighis a fáthmheasadh le galar doleigheasta, tús leis i dtosach báire. Ba léir di go bhféadfadh tionchar ollmhór a bheith ag mionathruithe ar a cúram agus a cáilíocht beatha. 

 

I mí na Nollag 2018, ba in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh a reáchtáladh an chéad imeacht 'Whose Shoes’ riamh in Éirinn. 

                                                           

BabyShoes.

Ceardlann maidir le taithí mháithreachais is ea 'Whose Shoes' ina dtagann mná (agus a bpáirtithe más mian leo) agus foireann mháithreachais le chéile chun taithí agus foghlaim a roinnt. Mar oideoirí fásta, ní mór dúinn oibriú lenár bpobail chun scileanna litearthachta a chur chun cinn chun éagothroime sláinte a laghdú. De réir mo thaithí mar ghairmí cúraim sláinte is léir dom gur féidir le húsáideoirí cúraim sláinte muinín a fhorbairt chun ceisteanna a chur má dhéantar athruithe beaga agus má chuirtear timpeallacht shábháilte ar fáil dóibh chun iad féin a chur in iúl agus neamhspleáchas a fháil. 

 

Mar oideoirí fásta is féidir linn cabhrú chun feabhas a chur ar litearthacht aosach trí deireadh a chur le bacainní agus cúram sláinte a chur chun cinn i measc na bhfoghlaimeoirí. Ní mór d'oideoirí fásta oibriú as láimh a chéile le FSS chun cláir ar nós Éire Shláintiúil, an Straitéis Sláinte Ghnéis Náisiúnta, treoirlínte Imdhíonta agus beartais eile a chur ar fáil a chuideodh chun feabhas a chur ar fholláine an fhoghlaimeora, idir fhisiceach agus mheabhrach. Tugtar faisnéis sna cláir seo atá á reáchtáil ag FSS agus cabhraíonn siad chun litearthacht sláinte a fheabhsú. Ar an drochuair, is é an chéad uair a d'fhéadfadh úsáideoir cúraim sláinte a bheith ar an eolas faoi na polasaithe seo nuair a fhreastalaíonn sé/sí ar ospidéal nó ar chlinic. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfaigheann an foghlaimeoir an t-eolas seo sula bhfreastalaíonn sé/sí ar shuíomh cúraim sláinte. Tá na Coláistí Breisoideachais nó Oideachais Pobail ar cheann de na háiteanna a gcaithfidh sé seo tarlú iontu. Is é an grúpa ilchineálach seo d’fhoghlaimeoirí, an éagsúlacht ó thaobh aoise, inscne, cultúir agus an oscailteacht chun foghlaim an suíomh ceart amach is amach chun na polasaithe seo a sheachadadh agus litearthacht sláinte a fheabhsú, rud a fhágann go mbíonn níos mó muinín agus níos mó neamhspleáchas ag foghlaimeoirí inár sochaí. 

Litearthacht Aosach i measc Príosúnach 

 

Déanann Suirbhé Litearthachta Aosach ar na Príosúin cigireacht ar leibhéil litearthachta i measc na bpríosúnach in Éirinn. Níor mhór a fháil amach cén difríocht atá idir scileanna litearthachta na bpríosúnach agus an phobail i gcoitinne. Cuspóir eile a bhí leis an staidéar ab ea scrúdú a dhéanamh ar an mbaint a d’fhéadfadh a bheith ag fadhbanna litearthachta le hiompraíocht fhrithshóisialta a mbíonn mar thoradh uirthi go ngearrtar tréimhsí príosúnachta ar dhaoine. Bhí sé i gceist leis an staidéar an bonn taighde agus an t-eolas maidir le daonra na bpríosún a leathnú, i gcomhréir le staidéir roimhe seo ar shaintréithe cúlra (O'Mahony, 1993; 1997), sláinte (An Roinn um Chur Chun Cinn na Sláinte, OÉ Gaillimh, 2000) agus úsáid drugaí (Dillon, 2001 luaite i Seirbhís Phríosúin na hÉireann 2003). 

 

Léirigh torthaí an staidéir go raibh líon suntasach príosúnach nach raibh aon scileanna litearthachta acu agus measadh gur 'neamhliteartha' iad. Bhí líon suntasach príosúnach ann freisin a raibh scileanna teoranta acu a chuir ar ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le saol an lae inniu. Ní raibh mórán tinrimh ar scoil ag an ngrúpa deireanach seo fiú le linn na mblianta scolaíochta 'éigeantaí'. Bhí scileanna litearthachta an tríú grúpa cuíosach maith agus bhíodar siúd in ann déileáil le hábhair níos casta (Seirbhís Phríosúin na hÉireann 2003). 

 

Léirigh na torthaí nasc láidir idir drochscileanna litearthachta agus cineálacha sonracha coireachta. Bhí fadhbanna móra litearthachta ag ciontóirí foréigneacha agus ciontóirí maoine ach bhí scóir litearthachta i bhfad níos mó ag na daoine a bhí i bpríosún mar gheall ar chionta gnéis agus cionta tromchúiseacha drugaí. Ba shuntasach an rud é leis, go raibh droch-scóir litearthachta ag fir óga (Seirbhís Phríosúin na hÉireann 2003). 

 

Leagtar béim sna torthaí ar an nasc idir iompar frithshóisialta agus míbhuntáiste oideachais mar a léirítear é sa leibhéal íseal litearthachta atá ag líon mór príosúnach. Mar sin féin, tá méid mór fianaise ann a léiríonn go gcuireann drochscileanna litearthachta teorainn le réimse roghanna saoil, cosúil le fostaíocht a fháil, agus is mó an seans dá bhrí sin go dtabharfaí faoi ghníomhaíochtaí coiriúla. I ndáil leis sin, ní mór aird a tharraingt orthu siúd a bhfuil baint acu le mí-úsáid thromchúiseach drugaí; léirigh staidéir gur lú an seans go mbainfidh daoine a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha drugaí acu cáilíochtaí amach, rud a fhágann go bhfuil drochscileanna litearthachta acu siúd (Seirbhís Phríosúin na hÉireann 2003). 

 

Seirbhís Phríosúin na hÉireann (2003) Suirbhé Litearthachta Aosach an Phríosúin: Torthaí agus Impleachtaí, Baile Átha Cliath: Aonad Priontála Chnoc an Arbhair. 

 

Féach ar: Care After Prison (Cúram Tar éis an Phríosúin) 

 

Scileanna Litearthachta agus Cumraíocht Teaghlaigh Nollaig 2018 

 

Páipéir Oibre Oideachais ECFE Uimh. 192 

 

Is staidéar é seo ar na naisc idir cumraíocht agus foirmiú teaghlaigh agus scileanna litearthachta. Bíonn tionchar ag an litearthacht ar go leor gnéithe d’fhoirmiú agus d'fhorbairt teaghlach, mar shampla aois tuismitheoirí nuair a rugadh an chéad leanbh. Tá an gaol idir scileanna litearthachta agus gnéithe áirithe de shaol an teaghlaigh tábhachtach do lucht déanta beartas. Is suíomh bunúsach é an teaghlach ina gcothaíonn agus ina bhforbraíonn leanaí a gcuid scileanna litearthachta. Má sin tá sé den tábhacht a thuiscint cad a imríonn tionchar air. Chomh maith leis sin, féadann bainistiú gealltanais teaghlaigh tionchar a imirt ar rogha gairme, mar sin is maith an rud é tuiscint a fháil ar an éifeacht a imríonn cumraíocht teaghlaigh ar rath sa mhargadh saothair. 

 

Fuarthas amach sa tuarascáil go mbaineann inniúlacht litearthachta le gach gné d’fhoirmiú teaghlaigh, agus go mbaineann neart na gcomhghaolta seo go díreach le haois na bhfreagróirí. Mar shampla, is lú an seans go mbeidh daoine fásta óga ag a bhfuil scileanna litearthachta níos láidre ag fanacht in aontíos agus go mbeidh leanaí acu ach má tá leanaí is lú an seans go n-ardóidh siad ina n-aonar iad. Baineann inniúlacht litearthachta leis an aois ag a mbíonn daoine fásta ina dtuismitheoirí den chéad uair agus líon na bpáistí atá acu. Go ginearálta, cuireann na daoine fásta siúd a bhfuil na scileanna litearthachta is airde acu moill ar tuismitheoireacht agus bíonn níos lú leanaí acu. 

 

Sainmhínítear an bhaint idir leibhéal litearthachta, aois agus foirmiú teaghlaigh tuilleadh má fhéachtar ar rannpháirtíocht san oideachas. Tá baint dhearfach idir inniúlacht litearthachta agus gnóthachtáil san oideachas, agus tá scileanna litearthachta níos láidre ag daoine fásta a bhfuil leibhéil ardoideachais bainte amach acu. Tá nasc idir an leibhéal níos airde litearthachta agus tuismitheoireacht mhoillithe, rud a threisíonn na naisc idir scileanna, gnóthachtáil san oideachas agus cuimsiú sa mhargadh saothair. 

 

Leanadh ar aghaidh sa tuarascáil chun breathnú ar naisc idir cumraíochtaí teaghlaigh agus éagothroimí sa mhargadh saothair agus déantar anailís ar thuismitheoireacht mar cheann de na fórsaí a spreagann na héagothroimí seo. Ba iad na torthaí go raibh ráta rannpháirtíochta na mban sa lucht saothair níos ísle an t-am ar fad i ngach tír a bhí rannpháirteach sa suirbhé. De ghnáth, ba lú an seans go mbíodh mná faoi bhun 45 bliain d'aois ag a bhfuil leanaí ag obair lasmuigh den bhaile ná iad siúd nach raibh aon leanaí acu. Mar sin féin, os cionn na haoise seo tá an ráta mar an gcéanna i gcás an dá ghrúpa (i.e. le leanaí nó gan leanaí). Bhí na bearnaí ba mhó ann i dtaobh na n-aoiseanna ba choitianta ag a mbeireadh mná a gcuid leanaí. Tá an scéal an-éagsúil i gcás fear, 

 

Léirítear sa tuarascáil go bhfuil tionchar níos lú ar mhná a bhfuil inniúlacht íseal acu sa mhargadh saothair ag teaghlach a bheith acu. D'fhéadfadh go léireodh a leithéid a leochaileacht eacnamaíoch áfach, ó is mó is dóichí go bhfuil siad i bpoist scileanna ísle agus gur tuismitheoirí aonair iad. I gcodarsnacht leis sin, tá tionchar i bhfad níos mó ag saol an teaghlaigh ar mhná ar an taobh is airde den scór leibhéil inniúlachta ar a gcuid oibre. Léiríonn an tuarascáil go mbíonn tionchar ag cumraíochtaí teaghlaigh ar rannpháirtíocht sa lucht saothair chomh maith le hacmhainneacht airgead a thuilleadh agus go mbíonn tionchar dearfach aige ar fhir agus tionchar diúltach ar mhná. 

 

Ach tá easpa faisnéise sa tuarascáil ar an gcéile nó ar an bpáirtí agus aithnítear é seo mar locht sna torthaí. 

 

Rinneadh dhá mholadh sa tuarascáil: 

 

1) Ba cheart oiliúint a chur ar fáil atá comhoiriúnach le cúinsí teaghlaigh agus oibre, go háirithe dóibh siúd a bhfuil inniúlacht ar leibhéal níos ísle acu. Ba cheart maoiniú chuige seo a chur ar fáil mar scéimeanna dreasachta agus cúram leanaí. 

 

2) Chun aghaidh a thabhairt ar cheist an neamhionannas inscne sa mhargadh saothair ba chóir cuimhneamh ar sholúbthacht a sholáthar maidir le fad na saoire tuismitheora, agus ar shaoire éigeantach don athair. 

 

Léigh: Obair pholasaí NALA i litearthacht teaghlaigh. 

 

Smaointe chun machnamh a dhéanamh orthu  

 

Tar éis féachaint ar na réimsí litearthachta um an tsláinte, litearthacht d'fhorbairt teaghlaigh agus litearthacht do phríosúnaigh, tá léargas faighte againn ar na slite inar féidir le hoideachasóirí d’aosaigh na scileanna a chur i bhfeidhm agus tá foghlamtha againn a bheith níos feasaí ar litearthacht sa seomra ranga. Is féidir tionchar mór a bheith ag athruithe beaga ar fhoghlaimeoirí inár bpobal agus sa tsochaí. 

 

Screenshot_2019-12-12_at_18

 

Content created by: Mairead Ryan, Kathryn Webb, Daragh McCarthy and Mary Mitchell HDFE Students 2019

Login (3)

Nóta tráchta

Logáil isteachCláraigh chun tuairimí a phostáil.

Ag iarraidh teanga eile?

This content may also be available in other languages. Please select one below
Switch Language

Want to write a blog post ?

Don't hesitate to do so!
Click the link below and start posting a new article!