European Commission logo
Logáil isteach Create an account
Each keyword is searched for in the content

EPALE - Ardán Leictreonach don Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Blog

Oidhreacht i mbun gnímh ar mhaithe le hoideachas aosach agus a mhalairt slí

Tá scéal iontach ag an Dr Henrik Zipsane faoin gcinneadh a rinne a fhondúireacht ar áit chónaithe do theifigh agus do dhaoine i ngátar a dhéanamh de mhúsaem faoin spéir sa tSualainn d’fhonn comhtháthú sóisialta a chothú.

Ostersund Museum Housing for Refugees.

 

Tá scéal iontach ag an Dr Henrik Zipsane faoin gcinneadh a rinne a fhondúireacht ar áit chónaithe do theifigh agus do dhaoine i ngátar a dhéanamh de mhúsaem faoin spéir sa tSualainn d’fhonn comhtháthú sóisialta a chothú.

Tá músaem sách mór á reáchtáil ag Fondúireacht Jamtli in Östersund i lár na Sualainne i gceantar Jämtland-Härjedalen, tuairim is 600 ó thuaidh ar Stócólm.  Bunaíodh ár músaem in 1912 agus tá ról mór aige i dtaobh féiniúlacht réigiúnach agus náisiúnta mhuintir na háite a thógáil agus a atógáil.

Ar an drochuair tharla a lán cásanna de sheineafóibe sa réigiún. Is rogha le formhór de theifigh agus d’inimircigh bualadh fúthu i ndeisceart na Sualainne. 12% is ea céatadán na n-imirceach nach Eorpaigh iad i Jämtland-Härjedalen ach is é 22% an meán náisiúnta; ach tharla a lán cásanna achrainn idir áititheoirí an cheantair agus muintir Sami, daoine dúchasacha lár agus tuaisceart na Sualainne. Lena chois sin is ag daoine inár réigiún atá an leibhéal oideachais is ísle sa tír.

Shocraigh bord Fondúireacht Jamtli nach mór dúinn smaoineamh go cúramach faoin rud dá seasaimid inár músaem agus conas mar a chuirtear i láthair é má táimid chun freastal ar gach duine a chónaíonn i Jämtland-Härjedalen agus má táimid chun cabhrú leis an gcomhtháthú.

Ar an ábhar seo chinn Fondúireacht Jamtli sa bhliain 2015, tráth a raibh sé ina dhúshlán do thuaisceart na Sualainne fiú amháin, tithe a chur ar fáil don líon ard teifeach, féachaint ar shlí chun tithe neamhchostasacha atá d’ardcháilíocht mar sin féin a thógáil do dhaoine i ngátar ar thailte an mhúsaeim. I mí na Nollag 2015 tugadh cead don mbord leanúint ar aghaidh agus tús a chur le sráidbhaile beag ar láthair an mhúsaeim. Tógadh naoi dteach ag a raibh achar urláir 54 m2 an ceann agus ocht dteach ag a bhfuil achar urláir 26 m2 an ceann. Ghlaomar an tionscnamh Jamtli New Village air. Beidh na tithe go léir agus na gairdíní beaga agus na háiseanna faoin spéir ullamh faoi mhí Feabhra 2018. 

Ostersund Museum Housing for Refugees.

Táimid ag obair as láimh a chéile le comhoibrithe i gceantar bardais Östersund  agus leis an gcomhlacht tithíochta bardasach. Measaimid go mbeidh tuairim is 60-70% de thionóntaí ina dteifigh ag a mbeidh cúlraí ón Iaráic, ón tSiria, ón Afganastáin agus ó roinnt tíortha na hAfraice Thuaidh. Nuair a bheidh gach rud ullamh beidh tuairim is 50-60 duine ina gcónaí ar thailte an mhúsaeim. Tar éis dúinn cabhrú le daoine i gcúrsaí tithíochta is é an chéad chéim eile eispéiris shábháilte dhearfacha a thabhairt dóibh. Sa tríú céim spreagfar na tionóntaí chun lorg a lámha a fhágáil ar an músaem.

Tá trí chúis againn leis an tionscnamh seo:

  1. Ba mhaith linn cabhrú le daoine agus le teaghlaigh óga inár réigiún a bhfuil teach ag teastáil uathu.
  2. Ba mhaith linn cur le hilchultúrthacht ár músaeim i ndáil leis na bailiúcháin, an doiciméadú agus na taispeántais agus cláir atá ann.
  3. Measaimid agus tá súil againn go gcabhróidh an tionscnamh seo sa bhfadtéarma le gach duine a chónaíonn inár réigiún agus ní le daoine amháin ag a bhfuil cúlra Sualannach traidisiúnta.

Is féidir féachaint ar thionscnamh Jamtli New Village mar phróiseas foghlama. Mar chreatlach ár dtionscnaimh úsáidimid mana na foghlama ar feadh an tsaoil chun saoránacht a mhúnlú, a spreagadh agus a choinneáil. Sa phlé faoi athbhreithniú ar choincheap na bpríomhinniúlachtaí d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil  a bhíonn ar siúl i gcónaí, chuir ár gcomhoibrithe i gCumann Eorpach d’Oideachas Aosach (EARA) an méid seo a leanas i láthair:

 

Tugann an chreatlach deis inniúlachtaí a bhfuil gá leo i ndaoine a shainmhíniú d’fhonn a saoil agus na dúshláin a ghabhann le sochaithe agus áiteanna oibre a éiríonn níos casta de réir a chéile a bhainistiú.  Is dóigh linn gur chóir an chreatlach a thógáil ar phrionsabail a shainmhíníonn an cur chuige Eorpach i leith inniúlachtaí:

  • de réir cur chuige daonnachaíoch;
  • tosaíocht a dhéanamh d’ionchuimsiú agus de chomhtháthú sóisialta;
  • sochaithe daonlathacha a chumasú;
  • saoil agus sochaithe inmharthana a chur chun cinn agus
  • tacú le pobail ag a bhfuil aigne oscailte.

Ostersund Museum Housing for Refugees.

Táthar ag súil go n-oibreoidh Jamtli New Village i spiorad an chuir chuige Eorpaigh seo i leith foghlama. Is í an aidhm atá againn ‘teagmháil idirchultúrtha’ a bhunú idir na tionóntaí, an fhoireann agus cuairteoirí ar an mhúsaem. Is é atá i gceist linn leis seo ná comhaontú go gcloímid le roinnt prionsabal simplí chun caidrimh mhaithe tháirgiúla a thógáil agus a choinneáil. Is iad seo a leanas na prionsabail:

  • Tagann an fhoireann chun cinn mar dhaoine aonair ar leith agus mar ghrúpa má bhíonn caidreamh acu lenár dtionóntaí.
  • Fásann na tionóntaí mar dhaoine aonair ar leith agus mar ghrúpa má bhíonn caidreamh acu leis an músaem.
  • Fásann an fhoireann agus na tionóntaí le chéile de réir mar a thacaíonn siad lena chéile agus iad ag tuiscint conas mar a chabhraíonn comhar idir an dá ghrúpa le cuairteoirí brath go bhfuil fáilte rompu agus dá bhrí sin bíonn siad ag cur airgid leis chun forbairt a chur chun cinn ar mhaithe le gach duine.

B’fhéidir go bhfuil cuma simplí follasach ar na prionsabail seo ach tá cinneadh déanta againn gan talamh slán a dhéanamh de go bhfíorófar iad. Is í bainistíocht na fondúireachta a chuir na prionsabail seo ar aghaidh - seachas comhpháirtí ar bith atá gafa i bhfíorú na bprionsabal. Dá bhrí sin léiríonn na prionsabail aidhm na fondúireachta agus i gcaitheamh an phróisis d’fhéadfadh go n-athrófaí iad beagáinín nó go bhforbrófaí iad chun go nglacfadh na tionóntaí, an fhoireann agus na cuairteoirí leo.

Tá éileamh mór ar an músaem atá ar siúl againn agus tá stair iontach aige mar ionad cruinnithe réigiúnach. Creidimid go gcaithfear an t-ionad seo a chaomhnú san am atá romhainn; in aois an domhandaithe ní féidir sin a dhéanamh ach amháin má mhaímid go bhfuil

de cheart ag gach duine oidhreacht a dhéanamh.

Dúshlán is ea é an maíomh seo a fhíorú ina gcaithfidh traidisiúin agus inniúlachtaí ó oidhreacht agus oideachas aosach oibriú le chéile. Táim cinnte go n-éireoidh linn é seo a shocrú le chéile.


Is POF Fondúireacht Jamtli, eagraíocht oidhreachta sa tSualainn, é an Dr Henrik Zipsane agus co-bhunaitheoir ar an Nordic Centre of Heritage Learning & Creativity, eagraíocht taighde agus forbartha d’fhoghlaim trí theagmháil le hoidhreacht. Tá sé ina aoi-ollamh le foghlaim oidhreachta agus forbairt réigiúnach in Ollscoil Linköping agus sa bhliain 2017 cheap an Coimisiún Eorpach é mar shaineolaí ar chultúr agus oideachas aosach. Tá an Dr Zipsane ina chomhalta den Líonra Saineolaithe Eorpach ar Chultúr ó 2012 agus tá sé ina shaineolaí ag an Acadamh Músaeim Eorpach ó 2014 

Login (13)

Nóta tráchta

Profile picture for user BrianP.
Brian Caul
Tue, 02/13/2018 - 07:40

Your project is very heartening and progressive. As we know, the notions of "culture" and "heritage" are often captured by populist political regimes to legitimize and maintain their power and control. In the process, social history can be mythologized and distorted to fabricate a vision of an ideal state, often inward-looking and xenophobic. Therefore I love your expression, "the right to produce heritage belongs to everyone". This is such an important issue in both parts of the island of Ireland, where, thankfully, diversity is increasing. We could learn a great deal from your project. Thank you for sharing.   
Login (0)

Logáil isteachCláraigh chun tuairimí a phostáil.