Dírithe ar an bhFoghlaim

Réamhrá
I mí Dheireadh Fómhair 2015, d'fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an Straitéis Dhigiteach chun Teagasc, Foghlaim agus Measúnú a Fheabhsú 2015-2020. Chuir an Straitéis Dhigiteach seo réasúnaíocht agus plean gníomhaíochta rialtais ar fáil chun Teicneolaíocht Faisnéise (T.F.) a chomhtháthú i dteagasc, i bhfoghlaim agus i measúnú thar tréimhse 5 bliana. Áirítear sa Straitéis Dhigiteach úsáid na Teicneolaíochta Cúnta. "I gcás daoine faoi mhíchumas, is féidir leis an teicneolaíocht na gnáthghníomhaíochtaí laethúla a athrú ó bheith dodhéanta go dtí sodhéanta" (Cumas Éireann, 2016).
Sa bhlag tugtar faoi iniúchadh a dhéanamh ar chumhacht na teicneolaíochta cúnta chun cuimsiú a chur chun cinn agus eispéireas foghlama na mac léinn i mbun breisoideachais a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a athrú. Mar sin féin, chun tuiscint a fháil ar chumhacht na teicneolaíochta cúnta sa chomhthéacs seo, is gá tuiscint a fháil ar an méid atá i gceist leis na téarmaí "Cuimsiú" agus "Riachtanais Speisialta Oideachais", Teicneolaíocht Chúnta agus, go deimhin, Teicneolaíocht Faisnéise i gcomhthéacs na hÉireann.
Sainmhínítear an téarma "riachtanais speisialta oideachais" san Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu (EPSEN) 2004 mar seo a leanas: "srian ar chumas an duine páirt a ghlacadh san oideachas agus leas a bhaint as oideachas mar gheall ar mhíchumas leanúnach fisiciúil, céadfach, meabhairshláinte nó míchumas foghlama nó aon riocht eile a bhfuil mar thoradh air go mbíonn duine ag foghlaim ar bhealach difriúil i gcomparáid le duine gan an riocht sin..." (Rialtas na hÉireann, 2004).
Ciallaíonn cuimsiú déileáil le héagsúlacht. Is é atá i gcroílár na ceiste faoi chleachtas cuimsitheach ná an cheist maidir le soláthar; go sonrach, cad iad na cineálacha soláthair ba chóir a dhéanamh do dhaoine fásta i mbun breisoideachais a bhfuil riachtanais foghlama atá an-difriúil acu? Is é atá i gceist le cuimsiú deireadh a chur le bacainní chun rannpháirtíocht iomlán daoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus atá faoi mhíchumais i suíomhanna breisoideachais a chumasú.
Cumhacht na Teicneolaíochta Cúnta

Tá an Teicneolaíochta Chúnta tar éis athrú mór a chur ar an oideachais sa mhéid go gcuireann sé slí ar fáil do gach foghlaimeoir a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach tríd na modhanna is fearr a oireann do gach duine ar leith. (Ahead, 2019). Agus sinne ag cuimhneamh ar conas is féidir le teicneolaíocht chúnta rochtain ar acmhainní foghlama nó ábhar teagaisc a éascú, dírítear ar rochtain a sholáthar ar theicneolaíochtaí a thógann droichead thar an 'bhearna rochtana' idir an t-ábhar teagaisc agus an mac léinn. Ní bheidh gá leis an ábhar a mhodhnú más féidir an teicneolaíocht chúnta is mó a oireann don deacracht foghlama nó don mhíchumas a úsáid. Ba chóir a mheas gur fearr na huirlisí a thabhairt d'fhoghlaimeoirí chun ábhar a chur in oiriúint dá riachtanais agus dá roghanna féin ná an t-ábhar a oiriúnú dóibh.
Éascaíonn úsáid na teicneolaíochta rochtain ar oideachas do gach duine fásta, rud a fhágann gur féidir le gach duine tabhairt faoi fhoghlaim. Tá an réimse Teicneolaíochta Cúnta atá ar fáil an-fhairsing agus an-éagsúil, idir bhogearraí simplí agus bhogearraí níos casta. Freastalaítear ar lagú amhairc agus éisteachta, deacrachtaí fisiceacha, deacrachtaí foghlama agus uathachas. Is é an ghné is tábhachtaí ná cumhachtú. Cuireann an Teicneolaíocht Chúnta ar chumas na ndaoine siúd a bhí ag streachailt roimhe seo le rochtain ar oideachas tabhairt faoi fhoghlaim.

Tá go leor teicneolaíochtaí cúnta nuálacha ar fáil sa lá atá inniu ann, idir "íseal-theicneolaíocht" go "ardteicneolaíocht". Tá an iomarca ann chun aitheantas cuí a thabhairt dóibh sa bhlag seo. Is roghanna coitianta iad na 5 uirlis seo a leanas:

C-Pen Peann Léitheoireachta (Peann Cliste)
Gléas iniompartha póca a léann téacs os ard le guth digiteach daonna ilteangach. Cuireann C-Pen Léitheoireachta léitheoireacht neamhspleách chun cinn agus is uirlis úsáideach é do mhic léinn a bhfuil disléicse nó lagú radhairc orthu. Cuireann an gléas "ardteicneolaíochta" seo cumhacht an Fhoclóra Oxford i lámha an fhoghlaimeora - cuireann scanóir ar chumas an mhic léinn focal a aibhsiú agus an sainmhíniú a thaispeáint agus é a léamh os ard. Éascaíonn sé freisin gabháil faisnéise, línte téacs a scanadh agus uaslódáil chuig ríomhaire pearsanta nó Mac. Féach ar léiriú ar an C-Pen Léitheoireachta anseo.
Read & Write Goal

Bogearraí litearthachta is ea Read & Write Goal ag a bhfuil uirlisí le haghaidh léitheoireachta, scríbhneoireachta, staidéir agus tacaíochta taighde. Éascaíonn na bogearraí seo foghlaim do dhaoine a bhfuil lagú radhairc agus disléicse orthu agus cuireann sé tacaíocht litearthachta ar fáil. Cuimsíonn sé cabhair urlabhra-go-téacs chun cabhrú le cumas clóscríofa agus aithint optúil charachtair do dhoiciméid scanta. San áireamh ina ghnéithe tá an cumas
Doiciméad agus láithreáin ghréasáin a chloisteáil á léamh os ard chun tuiscint léitheoireachta a fheabhsú, focail neamhchoitianta a shainiú agus a thuiscint le foclóirí téacs agus pictiúr, scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt le tuar focal agus uirlisí scileanna staidéir. Cuireann Read & Write Goal foghlaim neamhspleách chun cinn, cumasaíonn sé na foghlaimeoirí agus cabhraíonn sé chun muinín as gcumas féin a chothú. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Dragon Naturally Speaking
Clár aitheantais cainte nuálach a chuireann ar chumas an úsáideora labhairt i micreafón ar ríomhaire. Aistríonn na bogearraí na focail labhartha i téacs i gclár téacs. Uirlis éifeachtach agus táirgiúil is ea Dragon Naturally Speaking atá thar a bheith úsáideach dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu le scileanna scríbhneoireachta mar gheall ar mhíchumas foghlama ar nós disléicse agus diosgraife. Cuireann bogearraí aithint gutha neamhspleáchas chun cinn, rud a ligeann do mhic léinn iad féin a chur in iúl agus is é is cúis le foghlaim fheabhsaithe. Tá tuilleadh míniúcháin ar fáil anseo.
MindGenius (Bogearraí Meabhairmhapála)

JAWS - Job Access With Speech (Rochtain ar Phoist Le Caint)
Is réiteach inrochtaineachta cumhachtach é seo don úsáideoir lagamhairc. Tá gnéithe éagsúla ag bogearraí an léitheora scáileáin lena n-áirítear tacaíocht Braille agus roghanna cainte ilteangacha do na ríomhchláir ríomhaire is coitianta. Le JAWS is féidir leis an úsáideoir lagamhairc oibriú go neamhspleách ar ríomhaire agus tabhairt faoi tascanna ar nós ríomhphoist a léamh, nascleanúint a dhéanamh ar an idirlíon agus cur i láthair a chruthú. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Baineann an chuid is mó de na huirlisí teicneolaíochta cúnta atá liostaithe thuas leis an gcatagóir "ardteicneolaíochta". Mar sin féin, ní uirlis ardleibhéil é gach uirlis teicneolaíochta cúnta. I measc roinnt uirlisí simplí, "ísealteicneolaíochta" tá aibhsitheoirí, eagraithe agus greamáin peann luaidhe. Is féidir le haibhsitheoirí agus eagraithe a bheith ina n-uirlisí den scoth do mhic léinn a bhfuil cailliúint cuimhne orthu agus féadann greamáin peann luaidhe cabhrú le mic léinn a bhfuil deacracht acu le scileanna mínluaileacha. Uaireanta, mar oideachasóirí, ní mór dúinn ceist a chur orainn féin cad iad na hathruithe beaga is féidir linne a dhéanamh? Is féidir le rud éigin chomh simplí le páipéar oiriúnaitheach a úsáid difríocht mhór a dhéanamh do gach mac léinn ar leith. Is féidir le páipéar oiriúnaitheach a bheith tairbheach do mhic léinn a bhfuil disléicse, diospraicse nó uathachas orthu.
Baineann míbhuntáistí leis an teicneolaíocht chúnta freisin áfach. Mar shampla, labhraíomar le foghlaimeoir a úsáideann C-Pen Léitheoireachta, "Tá peann agam agus cé go sábhálann sé mo lámh ní oibríonn sé go ró-mhaith i bplé grúpa nó ar chuid de na modhanna fealsúnachta a d'fhéadfaí a úsáid le linn múinte. Mhothaigh mé gur chaill mé roinnt faisnéise toisc nach raibh mé ag iarraidh go dtaifeadfaí guthanna agus ionchur daoine. Mar an gcéanna, níl daoine ag iarraidh go ndéanfaí a nguth a thaifeadadh ar C-Pen Léitheoireachta duine éigin. Déarfainn go bhfuil peann léitheoireachta níos oiriúnaí don mhodh baincéireachta oideachais, faisnéis a thaifeadadh ón saineolaí mar mhodh chun nótaí a bhreacadh agus le hathbhreithniú a dhéanamh. Ar an gcúis seo, ní raibh mé ag iarraidh tuairimí nó scéalta daoine faoi mo nótaí! Dá réir sin bíonn sé deacair a chinneadh cathain ba chóir rudaí a thaifeadadh agus cathain nár chóir.” I gcás feistí eile, mar atá i gcás gach teicneolaíochta, is féidir laethanta a bheith ann nach bhfuil sí ag obair i gceart. Má theipeann ar ghné den bhfeiste teicneolaíochta cúnta d’fhéadfadh fadhbanna a bheith ag an bhfoghlaimeoir mar tógann sé am chun comhpháirteanna a fháil, nó go deimhin an gléas a dheisiú. Ní mór gléasanna a luchtú freisin agus ciallaíonn sé níos mó bagáiste do dhuine má tá na feistí á n-iompar acu. Deacracht mhór amháin maidir le feistí teicneolaíochta cúnta a úsáid is ea an costas a bhaineann le cur i bhfeidhm ar an suíomh breisoideachais, go háirithe na bogearraí "ardteicneolaíochta".
Tionchar na Teicneolaíochta Cúnta san Oideachas Aosach
Le Teicneolaíocht Chúnta | Gan Teicneolaíocht Chúnta |
---|---|
Deis chun rochtain a fháil ar oideachas ardcháilíochta agus fostaíocht amach anseo | Rochtain shrianta ar oideachas ardchaighdeáin agus ar ghairmeacha amach anseo |
Infheistíocht ón Rialtas - níos saoire agus fíor-bheagán tacaíochta, costas íseal sa bhuiséad ar an iomlán (An Roinn Oideachais, TUSLA, FSS) | Tacaíocht ar feadh an tsaoil ó liúntas míchumais. Tacaíocht leanúnach agus costasach sa bhfadtréimhse |
Oideachas agus gairmeacha | Deiseanna teoranta |
Neamhspleách ó thaobh na heacnamaíochta de, sásta leis/léi féin, sona sásta agus muiníneach ó thaobh cúrsaí sóisialta de | Spleách ó thaobh eacnamaíochta de, droch-chaighdeán saoil, agus féinmheas íseal |
Focal Scoir
Tá go leor samplaí de theicneolaíocht chúnta á neadú go rathúil i gcleachtais suíomh breisoideachais cuimsitheach, ach tá obair le déanamh fós chun a chinntiú gur cur chuige réidh gan bhriseadh é seo. Tá go leor buntáistí, agus deacrachtaí ann, a bhaineann le teicneolaíocht chúnta a ghlacadh chun tacú le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu. Cé gur dúshláin mhóra atá romhainn níor chóir dearmad a dhéanamh go bhféadfadh an teicneolaíocht chúnta tionchar maith a imirt ar thorthaí sóisialta agus thorthaí oideachais daoine fásta faoi mhíchumas i suíomhanna cuimsitheacha oideachais. I ndeireadh na dála, féadann rath oideachais daoine brath ar theicneolaíocht chúnta. I gcás duine nach bhfuil faoi mhíchumas, bíonn rudaí níos éasca de bharr na teicneolaíochta. I gcás duine atá faoi mhíchumas, bíonn rudaí indéanta de bharr na teicneolaíochta.