European Commission logo
Create an account
Can select multiple words with divider comma

EPALE - Ardán Leictreonach don Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Blog

Oideachas Aosach, An Dara Gnéas agus Daoine Eile a dhéanamh

Profile picture for user brid.connolly@nuim.ie.
Brid Connolly

Tá an Dara Gnéas seachtó bliain d'aois. Caithfidh go bhfuil leabhar Simone de Beauvoir ar cheann de na leabhair is mó tionchair maidir le hathrú sóisialta má fhéachaimid ar stádas na mban agus ar an athrú atá tagtha air le seachtó bliana anuas. Ach tá oideachas aosach agus pobail faoi chomaoin leis, ag an Dara Gnéas. Níl teorainn leis an tionchar a bhí aige i dtaobh léargas a thabhairt dúinn a athraíonn ár dtuairimí agus ár dtuiscint ar an domhan go huile agus go hiomlán. Ar an gcéad dul síos, is léir gur cruthú sóisialta í an éagothroime, seachas é a bheith nádúrtha nó dosheachanta. Nuair a deir de Beauvoir:' Ní bheirtear duine mar bhean, ach ina ionad sin, éiríonn sí ina bhean', scriostar an smaoineamh sin a mhaireann le fada an lá go bhfuil difríocht bhunúsach idir fir agus mná agus ná déanaimis dearmad go raibh an t-oideachas thar a bheith tábhachtach maidir le fir agus mná a dheighilt ina gcatagóirí sóisialta difriúla trí institiúidí, ábhair agus ionchais inscneacha agus trí pharaiméadair aondeonacha i dtaobh fearúlachtaí agus banúlachtaí a choimeád. 

 

Ach spreagann an Dara Gnéas chun smaoinimh sinn nach bhfuil difríocht bhunúsach idir daoine bochta agus daoine saibhre, ná idir daoine gorma agus Eorpaigh bhána, go ndéanann an grúpa ceannasach 'Daoine eile' díobh siúd a mheasann siad a bheith ar chéim níos ísle ná iad féin. Is é sin, cuireann de Beauvoir ar ár gcumas a thuiscint gur daoine a chruthaigh an difríocht ar a bhfuil éagothroime agus mífhearáilteacht bunaithe, agus go bhfuil sí seo á dearbhú ag institiúidí sóisialta agus go dtacaíonn siad siúd leis, oideachas san áireamh. Agus tá dúshlán á chur faoin oideachas traidisiúnta le fada an lá ag an oideachas aosach agus pobail, go háirithe sa tslí ina bhfuil an t-oideachas ina chinntitheach sóisialta rí-thábhachtach: roinneann sé daoine ina ngairmeacha, obair ghairme, obair neamhoilte, agus obair gan phá. Lena chois sin roinneann sé daoine i dtaobh rannpháirtíochta sa tsochaí agus sa phobal. 

 

Bhí tionchar mór ag Staidéar na mBan ar oideachas aosach agus pobail de réir mar a d'fhorbair sé sa dara bhabhta den bhfeimineachas. Léirigh an Dara Gnéas go raibh an t-oideachas agus eolas claonta i gcoinne na mban, stair, fealsúnacht, litríocht, agus socheolaíocht san áireamh. As an tuiscint sin, tháinig Staidéar na mBan chun cinn, rud a chuimsigh peirspictíochtaí na mban i gcomhchruthú eolais. Thug Staidéar na mBan roinnt gnéithe isteach san oideachas aosach agus pobail, go háirithe na naisc idir ábhair a bhí difriúil óna chéile de réir dealraimh; feasacht chriticiúil fheimineach; cúram mac léinn, foghlaimeoirí, oideoirí agus soláthraithe agus cúram do na grúpaí seo; fócas ar fhorbairt phearsanta; naisc a dhéanamh idir an ngné phearsanta agus gné na polaitíochta agus an ghné shóisialta, agus thar aon rud eile, cur isteach ar an gclaonadh bunúsach nó an gclaonadh neamh-chomhfhiosach inscne. 

 

Tógann sé blianta fada chun athrú sóisialta a bhaint amach trí oideachas aosach agus pobail, ach is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil foghlaim aosach faoi bhláth agus go bhfuil tionchar á imirt aige i ngach réimse den oideachas agus i réimsí sóisialta agus cultúrtha agus i saol na hoibre chomh maith, ní trí chreidiúnú foirmiúil amháin ach go háirithe trí fhoghlaim neamh-fhoirmiúil neamh-fhoirmeálta, rud atá ina chúis le hathruithe doimhne ar fad. 

 

Ólaimis sláinte Simone de Beauvoir, agus déanaimis ceiliúradh ar an ról a bhí aici maidir leis tús a chur leis an ré nua seo. 

Login (5)

Nóta tráchta

Logáil isteachCláraigh chun tuairimí a phostáil.

Ag iarraidh teanga eile?

This content may also be available in other languages. Please select one below
Switch Language

Want to write a blog post ?

Don't hesitate to do so!
Click the link below and start posting a new article!