European Commission logo
Create an account
Each keyword is searched for in the content

EPALE - Ardán Leictreonach don Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Blog

Ag caitheamh súil ar stair luachanna i gcomhar Eorpach san oideachas - roimh Erasmus +

le Denise Shannon

 

Luachanna ag Croílár an Chomhair

Chuir Erasmus ar chumas macléinn ar fud na hEorpa staidéar a dhéanamh thar lear agus aitheantas a fháil air mar chuid dá gcúrsa sa bhaile.  Cé gur gnáthchuid den saol ollscoile é seo sa lá atá inniu ann ba phribhléid é fadó nach raibh ach ag níos lú ná 1% díobh siúd a bhí ag staidéar in ollscoil. Mar sin, ba dhul chun cinn ríthábhachtach é Erasmus ón tús amach i dtaobh rochtain chothrom ar dheiseanna oideachais a chur ar fáil, rud a chumasaigh mórchuid na macléinn seachas an beagán.

Agus ceiliúradh á dhéanamh againn ar Erasmus agus a bhfuil bainte amach leis ba chóir dúinn a thuiscint, leis, go bhfuil stair an chomhair Eorpaigh san oideachas le 30 bliain anuas agus roimhe sin níos leithne, níos saibhre, agus go bhfuil fréamhacha níos doimhne aige i luachanna ná mar is léir do mhórán againn.  Is féidir an bunús luachanna seo a rianú siar chuig Coinbhinsiún na Háige a rinneadh sa bhliain 1948 nuair a imlíníodh spriocanna idé-eolaíocha bunaitheoirí an Aontais Eorpaigh. An díothú a lean an dara Cogadh Domhanda is bunús leis na barrshamhailteacha seo. Chuaigh siad i bhfeidhm ar Chonradh na Róimhe in 1957 lenar cuireadh cuma foirmiúil ar an aontas náisiún seo. Tagraíodh do neamh-idirdhealú mar aon le spriocanna an chomhbheartais ghairmoiliúna agus saorghluaisteacht daoine, spriocanna atá á gcur chun cinn trí eacnamaíocht.

Chomh luath le 1974 dhréachtaigh Airí Oideachais AE an chéad Rún Oideachais agus thaispeáin siad go raibh luachanna le bheith ag croílár an chomhair Eorpaigh san oideachas. Sa Rún cuireadh in iúl “nach cóir a mheas ar chúinse ar bith nach bhfuil san oideachas ach cuid den saol eacnamaíoch”. Rún ceannródaíoch ab ea é seo a bhí mar bhonn eolais ag an Chéad Chlár Gníomhaíochta um Oideachas sa bhliain 1976.

 

Uj_0

 

Bhí gníomhaíochtaí an chláir sin an-chosúil leo siúd a ndéantar maoiniú orthu sa lá atá inniu ann trí Erasmus+: tograí píolótacha, cuairteanna staidéir agus taighde a bhí iontu agus mar chuspóir acu go léir eolas, taithí agus cleachtas a mhalartú chun comhthuiscint ar chórais, nuáil maidir le dúshláin agus comparáid idir beartais, eispéireas agus smaointe a chur chun cinn.

Ghdfgh_0

 

Éagsúlacht na gCultúr a Chaomhnú

Sa chéad treoir a tháinig ón gComhphobal AE in 1977 bhí comhaontú idir na Ballstáit oideachas saor in aisce a chur ar fáil do leanaí tuismitheoirí imirceacha.  Agus é ag caint le Comhdháil Bhliantúil Chumann Gairmoideachais na hÉireann in 1978 dúirt an Coimisiún Eorpach: “Leis an treoir seo aithnítear go mairimid i sochaí ilchultúrtha - is é saibhreas agus éagsúlacht na gcultúr nach mór dúinn a chaomhnú.”

Leis an treoir seo tugadh aitheantas gur chóir d’oideachas idirchultúrtha a bheith ina chuid thábhachtach de chomhar AE maidir le comhtháthú agus cuimsiú imirceach agus grúpaí faoi ghannionadaíocht san oideachas.  De bhreis air seo forbraíodh cuir chuige choincheapúla agus oideolaíochta i dtaobh oideachas idirchultúrtha dá thoradh. Glacadh leis an gcur chuige seo mar chuid dhílis den phróiseas chun dul i ngleic le ciníochas, éadulaingt agus seineafóibe agus bhí sé chun sainbhealach maoinithe a fháil faoi dheireadh thiar faoin gClár Socrates in 1994.

Aaa

 

Oideachas Cuimsitheach

Bhí cuimsiú daoine ar bheagán deiseanna a chinntiú agus constaicí ar rannpháirtíocht a bhaint ar ghnéithe an chomhair Eorpaigh san oideachas riamh anall. Sa Chlár Helios (1988-91) féachadh den chéad uair le tabhairt faoi leanaí agus daoine óga faoi mhíchumas a chuimsiú sna gnáthchórais oideachais agus mar chuid de rinneadh staidéir ar chonstaicí, cuir chuige oideachais, oiliúint múinteoirí agus ar fhorbairt áiseanna teagaisc. Is príomhghné d’Erasmus+ na linne seo an cur chuige seo sa mhéid go dtugtar tosaíocht do thograí a thugann faoi ‘chuir chuige oideachais cuimsitheacha’. 

 

Iii_1

Go luath sna 80dí a d’aithin na ballstáit an gá le dul i ngleic leis an méadú ar ‘neamhlitearthacht’ (téarma a linne féin) mar fhadhb choitianta.  Tuigeadh go raibh tionchar ag an scéal casta seo ar an tsochaí agus ar an eacnamaíocht go ginearálta ach bhíothas ar aon aigne go bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb go mór mór trí oideachas. Ar na gníomhartha comhoibreacha áiríodh feasacht a ardú, cleachtas a mhalartú, chomh-mhachnamh agus gníomhaíocht agus tograí taighde a spreag nuáil oideachais i litearthacht. Sa lá atá inniu ann, in Erasmus+, tugtar tús áite do thograí agus do ghníomhaíochtaí a thacaíonn le oideachasóirí agus foghlaimeoirí aosacha maidir le soláthar agus foghlaim litearthachta, uimhearthachta agus scileanna digiteacha

 

Oideachas dara Seans agus Foghlaim ar feadh an tSaoil

I gClár Gníomhaíochta um Oideachas na bliana 1976 bhí gné oideachais aosaigh ann den chéad uair. Thug sé léargas ar na dúshláin a bhain leis an aistriú ón scoil chuig an saol oibre. Ach ní raibh an Eoraip chun coincheap an oideachais dara seans a chur chun cinn go sainráite go dtí 1995, tráth a ndearnadh an ‘Páipéar Bán - I dtreo Sochaí i mBun Foghlama’ agus feasacht á hardú aige ar na dúshláin atá roimh dhaoine fásta maidir le dul ar aghaidh agus teacht slán i sochaí eolasbhunaithe. Mar fhreagra ar an mbeart seo tarraingíodh aird ar an oideachas dara seans i Socrates (1995-2007) agus, níos déanaí, i bhFoghlaim ar feadh an tSaoil (2007-2014), clár inar sannadh clár gníomhaíochta dá chuid féin don Oideachas Aosach faoin teideal Grundtvig, de réir an fhealsúnaí ón Danmhairg a chreid go dtugann foghlaim ar feadh an tsaoil sásamh pearsanta agus rannpháirtíocht sa tsochaí.

I gCumarsáid de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ón bhliain 2001 dar teideal ‘Making a European Area of Lifelong Learning a Reality’ (Ceantar Eorpach na Foghlama ar feadh an tSaoil a Fhíorú) leagadh béim ar a thábhacht agus atá foghlaim ar feadh an tsaoil don gcumas iomaíochta agus don infhostaitheacht, agus don chuimsiú sóisialta, saoránacht ghníomhach agus don bhforbairt phearsanta, chomh maith.   Cuimsiú sóisialta, rannpháirtíocht shibhialta, sláinte níos fearr, folláine agus sásamh níos fearr an duine aonair - féachadh orthu go léir mar thorthaí luachmhara ar thabhairt faoi fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

Lean an Clár Oibre Athnuaite um Fhoghlaim Aosach san Eoraip 2011 den ar aghaidh leis an móiminteam seo. Féachann sé le déileáil leis na rátaí rannpháirtíochta i measc aosach i mbun oideachais ar fud na hEorpa (a athraíonn go mór ar fud na hEorpa idir 1.4% agus 31.6%) trí ardú feasachta agus rochtain ar an bhfoghlaim seo do ghrúpaí is mó a bhfuil foghlaim de dhíth orthu. Is é an aidhm meán AE 15% a bhaint amach. Sa chlár oibre tugtar breac-chuntas ar ról an oideachais aosaigh ní hamháin maidir le freastal ar riachtanais scileanna nua agus an mhargaidh shaothair ach maidir le rannpháirtiú sa saol agus sa tsochaí mar dhuine aonair.

 

Ag tabhairt freagra do Ghéarchéim

 

Ooo

 

Straitéis fáis do Eoraip ab ea ‘Eoraip 2020’ ón mbliain 2013 a bhí cumtha chun freagairt don ngearchéim eacnamaíochta dhomhanda.  Féachadh ar ról an oideachais agus na hoiliúna agus Erasmus+ mar chuid dhílis den obair a bhí le déanamh chun an eacnamaíocht a athneartú agus fás cliste, inmharthana uileghabhálach a bhaint amach don Eoraip.  Cé gur fíordhúshlán a bhí sa dúshlán eacnamaíoch agus cé gur fíordhúshlán é i gcónaí díríodh isteach as an úr in 2015 ar fhreagra a thabhairt ar ionsaithe sceimhlitheoirí i bPáras agus sa Danmhairg le Dearbhú Pháras. Sa dearbhú seo tugtar breac-chuntas ar chomhaontú idir Airí Oideachais AE go neartófaí an rannchuidiú a dhéanann an tOideachas i leith forbartha pearsanta agus cuimsithe shóisialta agus an ról atá aige maidir leis na luachanna bunúsacha atá ag croílár an Aontais Eorpaigh a neadú. Mar fhreagra air seo tá spriocanna Dhearbhú Pháras neadaithe ag Erasmus+ agus tá tús áite á thabhairt do thograí faoin am seo a thugann faoi chuir chuige oideachais chuimsithigh agus faoi luachanna an iolrachais, neamh-idirdhealú, caoinfhulaingt, ceartas, cur le chéile agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn.  

Ról Leanúnach na Luachanna san Eoraip

Mar sin, agus ceiliúradh ar 30 bliain d’Erasmus ar an bhfód á dhéanamh againn, ba chóir dúinn gan an deis a chailliúint ceiliúradh a dhéanamh ar an obair siúd i gcláir oideachais Eorpacha atá bunaithe ar luachanna. Tá fréamhacha doimhne ag na luachanna seo a leathnaigh amach agus a láidrigh ról an oideachais mar chuid den obair a dhéantar chun sochaí shíochánta uileghabhálach a bhaint amach. Chabhraigh comhar san oideachas idir náisiúin na hEorpa chun na luachanna seo a neadú inár gcuid córas agus inár gcuid sochaithe uile.

I saol iar-Brexit na linne seo is eol dúinn nach féidir linn talamh slán a dhéanamh de chomhar Eorpach. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh ról do na luachanna seo a chur chun cinn atá ar chomhchéim lenár gcuid spriocanna eacnamaíocha i ndáil le múnlú ár gcórais oideachais.  Ní mó na dúshláin atá roimh eacnamaíocht agus roimh shochaí na hEorpa ná mar a bhí siad ag an tosach nuair a rinneadh cuid dá fís de na luachanna seo i gcéaduair.  Caithfidh comhar Eorpach san oideachas deimhin a dhéanamh de go leanfar de bheith ag obair chun an Eoraip a bhaint amach ar smaoinigh na daoine siúd uirthi ag a raibh an fhís 60 bliain ó shin.

In 2017 déantar ceiliúradh ar 30 bliain ó cuireadh tús le hErasmus (réamhtheachtaí Erasmus+). Agus cothrom lae a bhunaithe á ceiliúradh againn déanann Denise Staunton ó fhoireann seirbhísí cliaint Léargais machnamh ar ghaiscí an chomhair Eorpaigh i saol fairsing an oideachais ón gcéad lá riamh: bunú an Chomhphobail Eorpaigh san Eoraip iarchogaidh.

Leagan ciorraithe is ea an phostáil seo de chaint a thug Denise ag seimineár AONTAS AE dar teideal ‘The European Union: Solidarity in a Time of Uncertainty’ i mí Mhárta 2017. Céadfhoilsíodh blag Denise i mí Bhealtaine 2017 ar bhlag Léargas,‘Insights’.

 

Login (4)

Nóta tráchta

Profile picture for user EPALEdemo.
Demo account EPALE
Wed, 06/14/2017 - 16:18

This is a very interesting blog post. Thank you for sharing.

Login (0)

Logáil isteachCláraigh chun tuairimí a phostáil.

Ag iarraidh teanga eile?

This content may also be available in other languages. Please select one below
Switch Language

Want to write a blog post ?

Don't hesitate to do so!
Click the link below and start posting a new article!