European Commission logo
Create an account
Can select multiple words with divider comma

EPALE - Ardán Leictreonach don Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Blog

Cás-Staidéar: Luathfhágáil na scoile go mac léinn PhD; mar a d’oibrigh oideachas dara seans don fhoghlaimeoir aosach seo

Go leor amharc oideachas athdheise mar dheis do dhaoine a chríochnú a gcuid scolaíochta tosaigh agus foghlaim na bunghnéithe riachtanacha saol an lae. Cé go bhfuil sé seo fíor i gcás go leor a filleadh ar an oideachas leanúint roinnt foghlaimeoirí ar a bhaint amach i bhfad níos mó ná an Basics. Jessica Mannion, BS, cur síos ar MA aici bealach ó fhágann an scoil go luath a Léachtóir agus mac léinn PhD.

Jessica Mannion BA, MA, a scríobh. Ar Youthreach.ie a postáladh é seo den chéad uair.

Cúpla bliain ó shin, bhí an chuma air go raibh gairm shásúil bainte amach agam, tar éis blianta fada d’obair chrua, inspreagadh agus féinmhuinín. Bhí post agam mar léachtóir lánaimseartha in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh, an post a bhí uaim riamh, ag múineadh cleachtas cúram sóisialta, réimse ar chuir mé an-spéis ann agus a thaitin go mór liom. Um an dtaca seo agus tar éis mo Mháistreacht a fháil, bhain mé áit amach chun PhD a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar chúrsaí míchumais agus cearta daoine faoi mhíchumas, ábhar eile a gcuirim an-spéis ann.

Smaoinigh mé siar ar an méid a tharla dom trí na blianta ar an tslí go dtí an post atá agam inniu. Phioc mé suas an fón chun glaoch ar chomhordaitheoir Ógtheagmhála in ionad Ógtheagmhála Bhéal an Átha. Theastaigh uaim buíochas a ghabháil le Paul agus leis an bhfoireann as eispéireas dearfach den oideachas a thabhairt dom agus mé a chur ar an mbóthar ceart. Bhí fonn orm údar dóchais a thabhairt dó faoin méid a d’fhéadfadh scoláirí Ógtheagmhála a bhaint amach. Is ea, is duine den acadamh mé anois ach uair amháin bhí mé i measc lucht luathfhágála na scoile, agus i mo scoláire in Ógtheagmháil.

Bhí mé cliste go leor agus mé sa mheánscoil ach níor oir an córas príomhshrutha scoile dom agus ar deireadh d’éirigh mé as nuair a bhí mé cúig bliana déag d’aois. Cúpla bliain ina dhiaidh sin chinn me gur mhaith liom cáilíocht a fháil agus sin an fáth a ndeachaigh mé go hÓgtheagmháil. Is ann a tháinig athrú ó bhun ar mo dhearcadh i leith an oideachais. Cad a rinne Ógtheagmháil ar mo shonsa? Nílim ag iarraidh aon rud diúltach a rá i dtaobh na scoileanna príomhshrutha, ná a chur i bhfios go bhfuil siad go léir mar a chéile, níl uaim ach mo scéal féin a insint, a d’fhéadfadh a bheith cosúil le scéalta daoine áirithe eile. An chéad rud a thaitin liom ná an timpeallacht fhisiciúil, bhí sé compordach agus bhíodh fonn orm dul isteach ann, rud nárbh amhlaidh i gcás na scoile ina raibh mé roimhe sin, agus ba chabhair é nár ghá dom éide scoile a chaitheamh. Bhí líon beag daoine sna ranganna agus d’oibrigh sé sin go maith domsa. Bíonn sé deacair ar dhéagóirí a mbíonn líon mór sa rang leo, is furasta fios do shlí a chailliúint. Ní thugtar faoi deara é i gcónaí má tá tú ag streachailt leis an obair, nó ní bhíonn an t-am ann chun tacaíocht bhreise a thabhairt duit.

Go minic, bíonn na múinteoirí dírithe ar chúrsaí smachta agus na mic léinn dírithe ar bheith istigh lena gcairde thar aon ní eile. Chuir na teagascóirí in Ógtheagmháil (a raibh cead againn a gcéadainmneacha a thabhairt orthu) fíoraithne orainn agus chabhraigh siad linn fadhbanna pearsanta a réiteach, fiú. Bhí siad níos tógtha le cuimsiú na ndaltaí uile ná le cúrsaí smachta agus d’fhreagair na mic léinn go maith don mheas agus don dearcadh dearfach seo. Bhí an cóimheas idir múinteoir agus daltaí íseal go leor le tacaíocht duine ar dhuine a chur ar fáil. Réitigh muintir an ranga go maith le chéile, bhí rud éigin i bpáirt againn ar fad agus thacaíomar lena chéile. Chuir na gníomhaíochtaí seach-churaclaim agus tacaíochtaí ar nós comhairleoireacht agus turais lenár scileanna sóisialta agus seans nach mbeadh na deiseanna sin againn riamh mura mbeimis in Ógtheagmháil. Ar ndóigh bhíomar i bhfad níos sona san ionad dá mbarr.

Ba é an cinneadh ab fhearr dá ndearna mé riamh dul isteach in Ógtheagmháil agus gan é, ní dóigh liom go mbeinn sa phost ina bhfuilim inniu. Ní raibh an taithí ná an dearcadh a bhí agam i leith an oideachais go maith roimhe sin. Tuigim go bhfuil stiogma ag gabháil leis na hionaid Ógtheagmhála. Tá daoine ann a chreideann go bhféadfadh sé páistí a mhealladh as na scoileanna iad a íoc as dul ar scoil (in Ógtheagmháil). Ach gan an tacaíocht airgeadais, conas a d’fhéadfainnse, ag seacht mbliana déag d’aois, mo chostais cíosa agus bunchostais eile a íoc? Cé go bhféadfadh deacrachtaí foghlama nó iompraíochta a bheith ag daltaí áirithe in Ógtheagmháil, tá daltaí eile ann nár oir an córas oideachais dóibh, agus sin mar a bhí i mó chás-sa. Tá sé tábhachtach a bheith ag súil go mbeidh rath ar lucht Ógtheagmhála amach anseo, tá sé cruthaithe agamsa gur cosán a bhí ann i dtreo oideachas tríú leibhéal agus gairm acadúil. Bhí tráth ann nach raibh aon mhuinín agam as mo chumas acadúil tar éis gur scriosadh é san oideachas príomhshrutha. Tá aon bhliain déag caite agam san ardoideachas in Ollscoil Mhá Nuad, in Institiúid Teicneolaíochta Shligigh, in Ollscoil Éireann, Gaillimh, agus i gColáiste na Tríonóide agus is eol dom nach stopfaidh sé anseo, is aoibhinn liom an t-oideachas anois. Táim sásta mo thaithí a chomhroinnt agus tá súil agam gur féidir liom daoine eile, idir mhic léinn agus bhaill foirne, a inspreagadh. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann Ógtheagmhála i mBéal an Átha as bronntanas don saol a thabhairt dom, an t-oideachas. Táim ag tabhairt an bhronntanais seo agus na modhanna múinte dírithe ar an mac léinn a thug tú dom ar aghaidh go dtí na mic léinn atá á múineadh agam inniu. Tharla an t-athrú chun feabhais seo de thoradh na tacaíochta ar fad a fuair mé tríd an eispéireas oideachais dearfach a bhí agam in Ógtheagmháil, suíomh scoile a d’oir go mór dom.

Jmannion
Login (4)

Nóta tráchta

Logáil isteachCláraigh chun tuairimí a phostáil.

Ag iarraidh teanga eile?

This content may also be available in other languages. Please select one below
Switch Language

Want to write a blog post ?

Don't hesitate to do so!
Click the link below and start posting a new article!