Ionad Acmhainne EPALE
Is é atá san Ionad Acmhainne EPALE ná banc ábhar a chabhróidh leat an t-eolas is deireanaí ar bharrchleachtais san oideachas aosach agus doiciméid tagartha a fháil.
Foilsímid cásanna staidéir de chineálacha nuálacha cur chuige i leith an oideachais aosaigh, tuairiscí agus doiciméid bheartais chomh maith le hailt irise agus nuachtáin.
Lena chois sin beidh ar do chumas acmhainní oideachais oscailte agus ábhair foghlama a aimsiú ionas go mbeidh teacht agat i gcónaí ar na huirlisí is fearr chun cabhrú leat i do ghnáthobair laethúil.
Conas úsáid a bhaint as an Ionad Acmhainne
Tá roinnt slite ann chun Ionad Acmhainne EPALE a bhrabhsáil agus a chuardach:
- Brabhsáil
Tá an t-inneachar is deireanaí ar bharr an leathanaigh chun gur féidir leat coinneáil bord ar bord gan stró leis na forbairtí is deireanaí san earnáil. - Cuardach
Gabh go díreach chuig acmhainn shonraithe ach an teideal, údar nó eochairfhocal a chlóscríobh sa bhosca cuardaigh. - Scagaire
Scag de réir cineál acmhainne, téama, clibeanna, tíre, údair agus teanga. Liostálfar acmhainní ábhartha ar an taobh chlé den leathanach.
Bain taitneamh as an gcuardach!
Conas a bheith rannpháirteach
An bhfuil acmhainn agat ar mhaith leat í a chomhroinnt nó an bhfuil foilseachán suimiúil agat ar mhaith leat é a fhoilsiú ar EPALE? Is féidir le EPALE gné sa mbreis a thabhairt do do thogra: cuirfidh sé do chuid torthaí chun cinn laistigh de líonra gairmiúil ar fud na hEorpa.
Tabhair faoi deara, le do thoil: Ní fhormhuiníonn an Coimisiún Eorpach na hacmhainní a thaispeántar in EPALE.
Déanaimid ár ndícheall chun a chinntiú nach sáraíonn inneachar atá á óstáil ar EPALE, nó a bhfuil nasc díreach ann chuige, rialacha an AE ná rialacha náisiúnta ná na gnásanna a rialaíonn maoin intleachtúil. Más dóigh leat áfach, go bhfuil na rialacha seo sáraithe againn déan teagmháil linn ag deasc chabhrach EPALE
