chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Elektroniczna platforma na rzecz uczenia się dorosłych w Europie

 
 

Blog

10 gcúis nach foláir daoibh dul isteach in EPALE

15/10/2014
by Eva ALOS MELCHOR
Språk: GA
Document available also in: FR BG CS DA ET EL HR DE IT ES PL LV LT HU MT NL PT RO SK SL FI SV EN

Tá an t-eagrán is déanaí d’EPALE ar fáil, agus féadann sibh dul isteach anois sa suíomh lárnach le haghaidh foghlaim aosach ar fud na hEorpa. Seo iad na 10 ngné nua ar shuíomh EPALE, agus an fáth ar cheart daoibh a bheith linn:

1.       Leis an ngné nua féilire, beidh fáil agaibh ar chúrsaí oiliúna, seimineáir ghréasáin, seimineáir agus ar dheiseanna eile atá ar fáil ar fud na hEorpa.

2.       Cuardaigh cúrsaí ar mian libh a bheith páirteach iontu, cibé de réir téama, teanga nó costas freastail.

3.       Foghlaim nithe tábhachtacha mar gheall ar imeachtaí sula gcinneann sibh cibé an mbeidh sibh i láthair nó nach mbeidh. Beidh na haidhmeanna agus na cuspóirí, méid an imeachta agus an téama ar fáil daoibh roimh ré.

4.       Bí suas chun dáta leis an bpobal foghlama aosaí ar Twitter @EPALE_EU agus léigh an t-inneachar ar líne is déanaí ar na meáin shóisialta, cibé alt nó imeacht atá beartaithe.

5.       Ón seomra nuachta againn, gheobhaidh sibh an scéala is déanaí ar fhorbairtí beartais, tionscnaimh nua, maoiniú, nuacht agus an uile rud a bhaineann leis an aosoideachas.

6.       Beimid ag postáil ar an mblag againn gach Céadaoin, agus díreoidh na topaicí ar threochtaí tábhachtacha san earnáil foghlama aosaí.

7.       Aon cheist agat? Tá Ceisteanna Coitianta idirghníomhacha againn a thaispeánann do cheisteanna agus ár bhfreagraí. Beidh cnaipí vótála ann, leis, le gur féidir libh a rá linn cé acu an bhfuair sibh nó nach bhfuair sibh an t-eolas a bhí uaibh.

8.       D’fhreagair 2000, nach mór, díobh ár suirbhé faoin méid a theastaíonn uaibh a fheiceáil ar shuíomh EPALE. Bígí réidh do na torthaí – beidh siad ar fáil go luath!

9.       Bí i dteagmháil linn agus bí suas chun dáta díreach trí chlárú dár nuachtlitir le do r-phost anseo: /ga#subscribe

10.     Lenár suíomh nua, beidh sé furasta daoibh cuardach a bhaineann le hoideachas a dhéanamh. Tá leathanaigh bhreise agus inneachar nua ar shuíomh EPALE anois, agus tá cuma úrnua ar an suíomh.

Share on Facebook Share on Twitter Epale SoundCloud Share on LinkedIn
Refresh comments Enable auto refresh

Displaying 1 - 1 of 1
  • Iza Stawarzs bilde

    <p>Najbardziej przemawiającym do mnie argumentem, jest podpunkt drugi, ponieważ w prosty i bardzo szybki sposób mogę znaleźć interesujący mnie temat. Fakt, że sondaż dotyczący treści platformy EPALE odwiedziło niemal 2000 osób, pokazuje, że platforma cieszy się niemałą popularnością. Dobrym argumentem jest również możliwość uczestniczenia w prenumeracie drogą elektroniczną.</p>