chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Elektroniczna platforma na rzecz uczenia się dorosłych w Europie

 
 

Vai es varu popularizēt EPALE starp saviem kolēģiem/citām ieinteresētajām personām?

Jā. EPALE ir atvērtas dalības platforma, kas ļauj jums sazināties ar citiem pieaugušo izglītības speciālistiem, darbiniekiem un brīvprātīgajiem visā Eiropā.

Mūsu mērķis ir izveidot tiešsaistes kopienu, izmantojot plašu noderīgu izglītības resursu, ziņu, notikumu un tīkla izveides instrumentu klāstu, nodrošinot izglītības jomas ekspertu ieteikto augstas kvalitātes saturu, kas tulkots galvenajās ES valodās.

Kā EPALE tiek finansēta?

EPALE finansē Eiropas Komisija kā daļu no vispārējās mūžizglītības stratēģijas pieaugušo izglītības jomā. Finansējums, ko sākotnēji nodrošināja ar mūžizglītības/Grundtvig programmas (2007–2013) starpniecību, tagad tiek nodrošināts, izmantojot Erasmus+ programmas (2014–2020) 2. pamatdarbību (Key Action 2).

Lai nacionālie atbalsta dienesti varētu darboties, līdzfinansējumu nodrošina arī Dalībvalstu valdības.

Kā sazināties ar Nacionālo atbalsta dienestu?

Nacionālo atbalsta dienestu kontaktinformācija tiks publicēta EPALE tīmekļa vietnē 2014. gada rudenī, tiklīdz tā būs pieejama. Visus jautājumus, tostarp attiecīgajai valstij adresētos jautājumus, vēlams vispirms nosūtīt Centrālajam atbalsta dienestam.

Kas ir nacionālie atbalsta dienesti un kādi ir to pienākumi?

Nacionālos atbalsta dienestus ieceļ to valstu, kas piedalās Erasmus+ programmā, valsts iestādes, lai palīdzētu veidot EPALE saturu un aktivizētu platformu. Nacionālie atbalsta dienesti cieši sadarbosies ar Centrālo atbalsta dienestu, lai publicētu kvalitatīvu vietnes saturu un veicinātu diskusijas. Nacionālie atbalsta dienesti arī pievērsīsies EPALE popularizēšanai pieaugušo izglītības kopienā savās valstīs un motivēs savas kopienas piedalīties EPALE.

Kas ir Centrālais atbalsta dienests un kādi ir tā pienākumi?

Centrālais atbalsta dienests ir konsorcijs, ko veido divas organizācijas — Ecorys UK un Intrasoft Ltd —, kuras sadarbojas, lai izveidotu un pārvaldītu EPALE. Centrālais atbalsta dienests strādā kopā ar EPALE nacionālajiem atbalsta dienestiem, pieaugušo izglītības ekspertiem un pieaugušo izglītībā ieinteresētajām personām, lai nodrošinātu aktuālu un atbilstīgu platformas saturu. Centrālais atbalsta dienests pārvalda arī palīdzības dienestu, izsūta ziņu lapas un pārvalda saziņu ar sociālajiem plašsaziņas līdzekļiem.

 

 

Is suíomh Gréasáin ilteangach é EPALE – má chuirim inneachar chuig an suíomh, an gcaithfidh mé é a aistriú go Béarla (nó aon cheann de na cúig phríomhtheanga eile) mé féin?

Is féidir leat inneachar i do theanga féin a chur chugainn, agus ag brath ar chineál an inneachair (m.sh. mír nuachta, alt, blag, tuairisc etc.), is féidir go n-aistreofaí é le haistriúchán uathoibríoch nó go n-aistreodh aistritheoir gairmiúil é má mheastar go gcuirfeadh pobal ginearálta EPALE spéis ann.

An féidir liom inneachar a chur ar shuíomh Gréasáin EPALE?

Más mian leat inneachar ábhartha maidir le haon cheann de chúig théama EPALE, lena n-áirítear míreanna nuachta, ailt, tuairiscí, imeachtaí agus acmhainní, a chur ar an suíomh Gréasáin, seol an fhaisnéis i ríomhphost chuig helpdesk@epale-support.eu.

Tar éis clárú mar úsáideoir d'EPALE, beidh cead agat tuairim a thabhairt go díreach ar bhlaganna, bheith rannpháirteach i bhfóraim, fóraim nua a chruthú agus díospóireachtaí nua a thionscnamh.

An féidir liom cúrsaí/ceardlanna/oiliúint a fhógairt?

Tugann EPALE an deis duit do chomhdhálacha, do chúrsaí agus do sheimineáir a fhógairt san fhéilire ar líne, agus próifíl d'eagraíochta a mhéadú ar fud na hEorpa. Déanfar imeachtaí san fhéilire a scaipeadh trí chuntais meán sóisialta EPALE, lena n-áirítear Twitter, Facebook agus LinkedIn.

An féidir liom EPALE a úsáid chun torthaí mo thionscadail a scaipeadh?

Tá stór acmhainní ar an suíomh. Tabharfar cuireadh do bhaill EPALE nuacht, tuairimí, smaointe agus acmhainní a chomhroinnt (lena n-áirítear torthaí tionscadail) le daoine eile ar fud na hEorpa.

Ní mór duit clárú ar an suíomh chun bheith i do bhall d'EPALE. Gheofar breis eolais ar conas clárú ag (link)

Cérbh é iad príomhthorthaí an tsuirbhé?

Bhí breis is leath de na freagróirí (53%) a d'easaontaigh nó a d'easaontaigh go láidir leis an ráiteas 'Is furasta faisnéis a fháil ar fhoghlaim aosach.' Ciallaíonn sin go gcreideann leath ar a laghad de na freagróirí go bhféadfadh sé a bheith níos fusa faisnéis a fháil ar fhoghlaim aosach.

Is iad na príomhfhoinsí faisnéise ar aosoideachas an Coimisiún Eorpach agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Dóibh siúd a roghnaigh ilfhoinsí, ba iad na cinn ba choitianta a cuireadh le chéile:

Cé a líon isteach an suirbhé seo?

Fuarthas 1,914 freagra ó 37 tír. Ón Iodáil a tháinig an líon ba mhó freagraí de réir tíre, agus an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc a bhí sa dara agus tríú háit. Is iomaí freagra a fuarthas ón mBeilg, leis. Fuarthas líon maith freagraí ó roinnt tíortha i gcomparáid lena ndaonra.

Gairmithe aosoideachais ab ea 42% de na freagróirí. Daoine a roghnaigh níos mó ná cineál eagraíochta amháin, ba iad na cineálacha eagraíochta a cuireadh le chéile go hiondúil:

Cérbh é cuspóir an tsuirbhé?

Rinneadh an suirbhé in Aibreán-Bealtaine 2014 chun pictiúr níos soiléire a fháil d'úsáideoirí féideartha EPALE agus dá riachtanais agus sainroghanna, d'fhonn roinnt treoirphrionsabal a shocrú d'fhorbairt an tsuímh Ghréasáin agus an phobail.

An ngéilleann EPALE do W3C?

Comhlíonann EPALE caighdeáin áirithe Gréasáin, m.sh. leibhéil HTML 4.01, XHTML 1.0 Transitional, CSS 2.1 agus WAI A. Is é Cuibhreann an Ghréasáin ar Fud an Domhain (WC3) a cheap na caighdeáin seo chun teacht ar an idirlíon a fheabhsú.

Cé acu brabhsálaí ar chóir dom a úsáid?

Ba mhaith le EPALE faisnéis a chur ar fáil don raon úsáideoirí is leithne is féidir agus ní mholtar aon phacáiste bogearraí ar leith a úsáid. Déanaimid iarracht tacú leis na leaganacha is déanaí de na brabhsálaithe is coitianta dá bhfuil ar fáil agus leas a bhaint as na nua-theicneolaíochtaí atá ar fáil iontu. Molaimid duit a chinntiú go bhfuil an leagan is déanaí de do bhrabhsálaí suiteáilte agat.

Tá mo phasfhocal dearmadta.

Má tá do phasfhocal dearmadta agat, is féidir leat é a athshocrú trí chliceáil ar an rogha Pasfhocal dearmadta ar leathanach logála isteach shuíomh Gréasáin EPALE.

Gheobhaidh tú ríomhphost ag iarraidh ort do phasfhocal a athshocrú. Iarrfar ort an pasfhocal a iontráil faoi dhó chomh maith le captcha, chun turscar a sheachaint. Iontráil na sonraí agus beidh tú in ann logáil isteach in ardán EPALE le do phasfhocal nua.

Rinne mé iarracht clárú ach ní ghlacfaí leis an ainm úsáideora a roghnaigh mé.

Is féidir gur roghnaigh úsáideoir éigin eile cheana féin an t-ainm úsáideora a bhí uaitse. Sula ndéanann tú iarracht clárú le hainm úsáideora eile, féach go nglanann tú an chuimhne agus an dioscthaisce i do bhrabhsálaí. Ansin roghnaigh ainm úsáideora agus pasfhocal difriúil agus seolfar ríomhphost clárúcháin chugat, tar éis clárú, ag iarraidh ort do sheoladh ríomhphoist a bhailíochtú. Má tá tuilleadh cabhrú uait, scríobh ríomhphost chuig deasc chabhrach EPALE ag helpdesk@epale-support.eu.

Conas a chláraím mar bhall d'EPALE?

Is féidir clárú anseo: link

Is féidir leat ainm úsáideora agus pasfhocal pearsanta a roghnú agus seolfar ríomhphost clárúcháin chugat, tar éis clárú, ag iarraidh ort do sheoladh ríomhphoist a bhailíochtú. A luaithe a bhíonn sé sin déanta, beidh teacht agat ar gach cuid den suíomh.


 

 

An gá dom clárú chun EPALE a úsáid?

Is féidir clárú anseo: [link]

Is féidir leat ainm úsáideora agus pasfhocal pearsanta a roghnú agus seolfar ríomhphost clárúcháin chugat, tar éis clárú, ag iarraidh ort do sheoladh ríomhphoist a bhailíochtú. A luaithe a bhíonn sé sin déanta, beidh teacht agat ar gach cuid den suíomh.


 

Conas a déarfar liom é má chuirtear imeacht ar ceal?

Uaireanta is gá imeacht a chur ar ceal mar gheall ar easpa spéise nó cúinsí nach raibh coinne leo. Ní féidir leis an gCoimisiún Eorpach aon fhreagracht a ghlacadh as cealú aon cheann de na himeachtaí i bhféilire EPALE. Moltar d'úsáideoirí láithreáin ghréasáin na n-imeachtaí aonair a sheiceáil go rialta le cinntiú go mbíonn siad ar an eolas faoi aon athrú ar an imeacht.

Conas a aimsím imeacht ar leith?

Chun imeacht ar leith a aimsiú, is féidir ardchuardach a dhéanamh agus teanga agus suíomh agus iad sin amháin a chur sna paraiméadair chuardaigh. Nó d'fhéadfadh sé a bheith úsáideach an tslí ina dtaispeántar imeachtaí a athrú. Is féidir imeachtaí a thaispeáint ar chúig shlí dhifriúla:

  1. Taispeáint bhliantúil

  2. Taispeáint mhíosúil

  3. Taispeáint sheachtainiúil

  4. Taispeáint laethúil

An féidir liom imeacht a phostáil san fhéilire?

Más eol duit imeacht (comhdháil, imeacht, seisiún oiliúna, cúrsa, MOOC, etc.) a bheidh ag tarlú nó má tá ceann á eagrú agat féin do ghairmithe foghlama aosaí, is féidir leat an fhaisnéis a chur chugainn i ríomhphost chuig helpdesk@epale-support.eu. Ní mór go gcomhlíonfadh d'imeacht na critéir seo a leanas:

  • An mbaineann an t-imeacht le foghlaim aosach (gairmoideachas agus oiliúint leanúnach san áireamh)?

Conas a chuirfidh mé eolas ar imeachtaí foghlama aosaí?

Seiceáil ár bhféilire anseo [link]. Gheofar san fhéilire uainn faisnéis ar imeachtaí foghlama aosaí Eorpacha agus náisiúnta. Áireofar air sin comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna, seimineáir theagmhála, imeachtaí ginearálta, cúrsaí oiliúna, MOOCanna agus tuilleadh nach é. Agus is féidir imeachtaí a chuardach de réir teanga nó áite. 



Síður

Subscribe to EPALE RSS