chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE - ríomhArdán d’Fhoghlaim Aosach san Eoraip

Chun beartais éifeachtacha foghlama aosaí a bhaint amach - Príomhthosca ratha

In athbhreithniú córasach ar fhianaise taighde, aithníodh “príomhthosca ratha” ó thaobh beartas éifeachtach foghlama aosaí a cheapadh. Is grúpaí gníomhartha beartais iad seo a gcruthaíonn an fhianaise go n-éiríonn leo rátaí rannpháirtíochta i bhfoghlaim aosach a fheabhsú, ionas go gcuirtear le leibhéil scileanna agus inniúlachtaí agus leibhéal iomlán na cáilíochta.

Tá grúpa gníomhartha aonair beartais nó “bloic thógála ratha” i gceist i ngach ceann de na príomhthosca ratha. Is gníomhartha aonair beartais iad seo a bhfuil fianaise ann a thaispeánann go bhfuil siad éifeachtach ó thaobh beartas foghlama aosaí a bhaint amach.

Léirítear sa chreat na trí leibhéal ar a ndearnadh fianaise agus sonraí a anailísiú:

  • Na tosca ratha a aithníodh san fhianaise mar thosca atá ríthábhachtach ó thaobh foghlaim aosach éifeachtach a chur ar fáil:
  • Na táscairí agus torthaí éagsúla ar leibhéal córais is féidir a ghaolú le rannpháirtíocht san fhoghlaim, i gcás grúpaí tairbhiúla éagsúla, lena n-áirítear an foghlaimeoir, fostóirí, agus an pobal; agus
  • Na “bloic thógála ratha” – na gníomhartha beartais as a leanann méadú ar rannpháirtíocht nó tionchar ar thorthaí agus gníomhartha beartais a éascaíonn an t-aistear chun iad seo a bhaint amach.

Cliceáil ar gach bloc tógala chun cur síos iomlán a léamh.

Caighdeáin Fianaise

Déantar cur síos sa liosta thíos ar chaighdeáin ghinearálta a socraíodh don fhianaise a athbhreithníodh.
Tá rátáil réaltaí ag gach bloc tógála de réir chaighdeáin na fianaise atá mar bhonn leis.

  • 5 réalta - Staidéir inar thángthas ar chonclúidí ó mheitea-athbhreithnithe ar mheastóireachtaí urrúnta
  • 4 réalta - Staidéar meastóireachta le fianaise chainníochtúil fhrithfhíorasach a bhfuil tionchar suntasach aici
  • 3 réalta - Staidéar ina dtomhaistear athrú roimh agus tar éis gníomh beartais, ag rialú do thosca eile agus ina gcuirtear samplaí móra ar fáil le haghaidh anailís urrúnta staitistiúil
  • 2 réalta - Staidéar taighde atá bunaithe ar chás-staidéir atá domhain a ndóthain chun measúnuithe urrúnta cáilíochtaí a dhéanamh
  • 1 réalta - Staidéar ar scála beag a bhraitheann ar shonraí cáilíochtúla nár bailíodh go córasach

1: Rannpháirtíocht san fhoghlaim

2: Scileanna agus inniúlachtaí

3: Torthaí ar an bhfoghlaim

Do
dhaoine aonair

Méadú ar ioncam

Méadú ar fholláine

Méadú ar infhostaitheacht

D’fhostóirí

Lucht saothair inspreagtha

Táirgiúlacht

Nuálaíocht

Don
phobal

Fás eacnamaíoch

Rannpháirtíocht shibhialta agus shóisialta

Méadú ar chomhionannas