chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

ríomhArdán d’Fhoghlaim Aosach san Eoraip

 
 

Mar gheall ar an Uirlis Beartais Foghlama Aosaí

/ga/file/about-pt-1080jpgabout-pt-1080.jpg

 

 

Is é aidhm na huirlise seo tacú leis na Ballstáit chun beartais éifeachtacha foghlama aosaí a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, agus úsáid níos fearr a bhaint as an mbonn fianaise atá ann cheana. Cuid den uirlis is ea creat coincheapúil ardleibhéil do bheartais foghlama aosaí a dearadh mar chabhair do lucht déanta beartais náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun a gcuid beartais a chur i bhfeidhm agus a fheabhsú.

Tugann sé fáil, leis, ar bhailiúcháin sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla le gur féidir feidhmíocht tíortha a chur i gcomparáid. Is féidir leis an ngné idirghníomhach seo cabhrú chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar fheidhmíocht choibhneasta i réimse na foghlama aosaí.

Comhlíonann úsáid na huirlise seo tosaíochtaí AE don fhoghlaim aosach, lena n-áirítear ‘an bonn eolais ar fhoghlaim aosach a fheabhsú agus monatóireacht a dhéanamh ar an earnáil foghlama aosaí’ (féach Rún na Comhairle ar Chlár Oibre Athnuaite Eorpach don Fhoghlaim Aosach, 2011).

Forbraíodh an uirlis mar chuid de staidéar chun anailís dhomhain a dhéanamh ar bheartais foghlama aosaí agus a éifeachtaí atá siad. Bhí an staidéar sin mar bhonn eolais le forbairt an chreata anailísigh atá mar chuid den uirlis seo, trína ndéantar beartais foghlama aosaí a mheasúnú. Cabhróidh sé seo leis na Ballstáit chun beartais foghlama aosaí a dhearadh agus a chur chun feidhme ar shlí níos éifeachtaí.

Chun an tuarascáil iomlán a léamh, cliceáil anseo (nasc seachtracha) (comhad PDF).

Chun achoimre fheidhmeach a léamh i bhFraincis, cliceáil anseo (nasc seachtracha) (comhad PDF).

Chun achoimre fheidhmeach a léamh i nGearmáinis, cliceáil anseo (nasc seachtracha) (comhad PDF).