chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

ríomhArdán d’Fhoghlaim Aosach san Eoraip

 
 

Conas a dtacaíonn an AE le daoine agus tionscadail i bhfoghlaim aosach?

Is iomaí slí a dtacaíonn an AE leis an earnáil foghlama aosaí san Eoraip – taighde a choimisiúnú, dea-chleachtais a chomhroinnt, nuáil a chur chun cinn agus uasoiliúint oibrithe aonair a mhaoiniú.


Mar chabhair chun earnáil foghlama aosaí níos urrúnta agus níos éifeachtaí a thógáil, tá an Coimisiún Eorpach ag infheistiú in EPALE – ardán leictreonach do ghairmithe foghlama aosaí: múinteoirí, lucht déanta beartas, taighdeoirí, lucht acadaimh, soláthraithe oiliúna – duine ar bith a oibríonn san earnáil foghlama aosaí. Féachann EPALE leis na daoine uile seo a thabhairt le chéile agus pobal beoga foghlama aosaí a thógáil.




Aithnítear go forleathan gurb é Erasmus+ an clár AE ba rathúla riamh, agus cuireann se 5% nó mar sin dá bhuiséad iomlán ar fáil chun tacú le:

  • soghluaisteacht foghlama don fhoireann foghlama aosaí;
  • comhar idirnáisiúnta idir eagraíochtaí (m.sh. ionaid foghlama aosaí);
  • tionscnaimh do nuáil beartais (m.sh. líonraí a thacaíonn le réimsí áirithe beartais, amhail litearthacht agus foghlaim aosach).

– bunachar sonraí cuimsitheach a thabharfaidh teacht duit ar chur síos, torthaí agus sonraí teagmhála gach tionscadail a mhaoinítear faoi chlár Erasmus+.




Is é Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) príomhionstraim airgeadais an AE chun tacú le fostaíocht. Tá an Ciste ag cabhrú le cultúr oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil a chothú le gur féidir le hoibrithe agus fostóirí a gcuid scileanna agus inniúlachtaí a choimeád cothrom le dáta. Ina theannta sin, tacaíonn sé le gníomhaíochtaí a chabhraíonn le foghlaimeoirí aosach dul ar aghaidh chuig an t-oideachas tríú leibhéal.

chun samplaí a fheiceáil de ghníomhaíochtaí foghlama aosaí a maoiníodh leis an ionstraim airgeadais.