chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

ríomhArdán d’Fhoghlaim Aosach san Eoraip

 
 

Blag

Is mó an meán ná an teachtaireacht

26/02/2018
by Laura Austen-Gray
Teanga: GA
Document available also in: EN

The below blog was originally written in English and translated into Irish. 

 

Daren Okafo, 'Innovations and Research Manager' Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta do Aosaigh, a scríobh. 

 

Má féachaimid trí shúil na hOideolaíochta Criticiúla agus sinne ag díriú ar shraith ar bith de na róil a d’fhéadfadh a bheith ag na meáin shóisialta i bhfoghlaim aosach a breathnú ní mór dúinn cuimhneamh ar an rud ar thagair Freire dó mar a bheith ag léamh an fhocail agus an tsaoil ar aon (Freire, 1998, 2000; Freire & Macedo, 1987; Kahn & Kellner, 2007). Is ionann focal na meán sóisialta, isteach is amach, agus a chuid ‘téacsanna’ - an rud ar a nglaonn Manovich déantáin mheitea-mheán físeán/íomhá/téacs-bhunaithe a líonann ár láithreacht ar líne (Manovich, 2001). Má bhímid ag léamh saoil na meán sóisialta áfach, iarrtar orainn fírinní níos doimhne an mheáin féin a thuiscint. Cé a thógann agus cé a chothabhálann an meán seo, cad iad na hideolaíochtaí atá i gcroílár an phróisis sin, conas atá siad ionchódaithe ina eisint agus conas a dhéanann sé seo suibiachtaí dínn dá rún ionchódaithe? Má iarraimid ar fhoghlaimeoirí na huirlisí nua líonraithe seo a chur chun úsáide san oideachas aosach, an bhfuil ar ár gcumas a chinntiú gur feasach dóibh (agus dúinne) an dá choincheap seo agus go bhfuil siad agus sinne i mbun dialóige criticiúla leo? Is ionann sin agus a rá - an ea nach bhfuil de dhualgas orainn mar oideoirí foghlaim a éascú a chuimsíonn an dá rud, na meáin agus an meán é féin?

Is féidir le hobair Raymond Williams, teoiricí cultúir agus oideoir aosaigh de chuid na Breataine, solas áisiúil a chaitheamh ar na féidearthachtaí a ghabhann le bheith ag féachaint ar thorthaí ár gcuid iarrachtaí mar oideoirí agus mar fhoghlaimeoirí (iarrachtaí tharlaíonn trí mheán na teicneolaíochta) mar iarrachtaí atá á dtiomáint i bpáirt nó go príomha fiú amháin, ag gníomhú - gur féidir linn idirghabháil mar rannpháirtithe gníomhacha agus athrú teicneolaíoch a stiúradh chun go léireoidh sé ár gcuid mianta agus ár gcuid riachtanas féin. I gcodarsnacht le cinnteachas teicneolaíochta, is é sin, úsáid teicneolaíochtaí nua sa tsochaí a bheith saintreorach, a tionchar a bheith réamhchinntithe agus, den chuid is mó de, gan a bheith ar ár gcumas idirghabháil a dhéanamh leis, d’fhéach Williams (agus roinnt smaointeoirí eile níos déanaí sa bhall seo cosúil le Giroux, Sandlin, Fuchs, Hands srl) ar ábhair chultúrtha mar rudaí a bhí ag teacht faoi úinéireacht ár dteagmhála le teicneolaíochtaí diaidh ar ndiaidh. Dá bharr sin cuireann sé ar ár gcumas féachaint ar ghníomhú mar rud atá i gcroílár den rud atá á chruthú seachas den rud atá á fhorordú ag an meán. An ábhar misnigh dúinne mar sin, mar oideoirí aosach, go bhfuil ar chumas orainn é a athmhúnlú trínár n-iarrachtaí feasacha a dhéantar le comhfhios criticiúil i dtreo is gur fearr a léireodh sé a bhfuil i gceist againne agus ag ár bhfoghlaimeoirí leis an saol ar líne d’ainneoin na n-ídé-eolaíochtaí atá ionchódaithe sna meáin shóisialta nua?

Chonaic mé é seo go soiléir le déanaí i saothar roinnt oideoirí ag ionad oideachais aosaigh áitiúil in Éirinn. Mar chuid den togra Erasmus+ IDEAL bhí Niamh Maguire agus Kathie Orr ag obair le foghlaimeoirí aosach chun cuir chuige nua nuálacha a chíoradh i leith ardáin shóisialta ar líne a úsáid ó thaobh éascaithe de agus, rud atá spéisiúil go leor, ó thaobh na bhfoghlaimeoirí de araon. Is ceart mar a thug siad faoi deara nach amháin gur bhain foghlaimeoirí úsáid as an teicneolaíocht laistigh de raon na hoibre éascaithe chun cuspóirí den gclár a chríochnú ach, a luaithe agus a bhí an t-eolas acu, thug roinnt díobh faoi thriallacha agus faoi tháirgí agus acmhainní dá gcuid féin a chruthú. Agus iad ag dul i dteagmháil leis an meán féin rinne siad déantáin nuálacha a léirigh a gcuid suimeanna féin. Tháirg siad eolas a bhí fréamhaithe go domhain in eispéireas agus in imní atá mar chuid dá saoil féin. Sílim gur féidir leis an gcineál seo caidrimh leis na meáin shóisialta - leis an saol i dteannta leis an bhfocal - cabhrú linn foghlaimeoirí a chumasú aistriú ó bheith mar chliaint agus mar chustaiméirí na n-ardán ollmhóra láidre seo chun a bheith ina n-úinéirí, ina gcruthaitheoirí agus ina nuálaithe.   

 

Tagairtí

 Freire, P. (1998). Pedagogy of freedom: Ethics, democracy, and civic courage. Rowman & Littlefield.

Freire, P. (2000). Pedagogy of the oppressed. Bloomsbury Publishing.

Freire, P., & Macedo, D. (1987). Reading the word and the world. Westport, CT: Bergin & Garvey.

Kahn, R., & Kellner, D. (2007). Paulo Freire and Ivan Illich: technology, politics and the reconstruction of education. Policy Futures in Education

Manovich, L. (2001). The language of new media. MIT press.

Share on Facebook Share on Twitter Epale SoundCloud Share on LinkedIn