Skip to main content
Is gairmí foghlama aosaí mé – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Bunaíodh EPALE ar mhaithe le gairmithe foghlama aosaí, chun cabhrú leo foghlaim óna chéile agus a gcleachtas gairmiúil a fhorbairt.  Tá an suíomh dírithe ar  mhúinteoirí, oiliúnóirí, taighdeoirí, lucht acadúil, lucht déanta beartas, iriseoirí agus gairmithe atá obair laistigh den earnáil foghlama aosaí ar fud na hEorpa.

Tá raidhse uirlisí úsáideacha ag EPALE, lena n-áirítear féilire imeachtaí, an nuacht is déanaí ar fhoghlaim aosach, blag, leabharlann acmhainní, fóraim phlé ar théamaí éagsúla agus áis cuardaithe comhpháirtí. Chun podchraoladh EPALE a aimsiú, cuardaigh ‘podchraoladh’ sa bhosca cuardaigh ar an leathanach baile nó oscail leathanach EPALE ar Soundcloud mar a bhfaighidh tú gach eipeasóid atá ar fáil.

Tá roinnt pobal cleachtais ag EPALE a chuireann réimse ar leith ar fáil ar EPALE d’úsáideoirí chun doiciméid a uaslódáil, díospóireachtaí a thosú, nuacht agus imeachtaí i réimse ar leith foghlama aosaí a roinnt.  Mura n-éiríonn le húsáideoirí pobal a aimsiú a oireann dá gcuid riachtanas, is féidir leo ceann nua a bhunú trí iarratas a chur isteach.

Chun go mbeidh ar do chumas ábhair teagaisc agus dea-chleachtas chomh maith le smaointe agus acmhainní a mhalartú le daoine eile ar fud na hEorpa ní mór duit clárú ar EPALE.

Login (0)
Weight
0