Is foghlaimeoir aosach mé – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?
Cé gur bunaíodh EPALE ar mhaithe le foghlaimeoirí aosach, a thairbheoidh, ar deireadh thiar, d'fhorbairt na hearnála foghlama aosaí, is orthu siúd a chuireann aosoideachas ar fáil agus a eagraíonn é, seachas ar na foghlaimeoirí féin, a dhíríonn an suíomh Gréasáin seo.
Ach gheobhaidh tú faisnéis ar fhoghlaim aosach ar fud na hEorpa ar an ardán, leis. Más mian leat dul i mbun gníomhaíochtaí foghlama, seo roinnt moltaí a d'fhéadfadh cabhrú leat:
Téigh i dteagmháil leis an tseirbhís oideachais i do chathair/réigiún féin;
Féach ar na roghanna oideachais atá ar fáil duit ó chumainn, ollscoileanna, scoileanna teanga, músaeim, leabharlanna, etc. i do chathair/réigiún féin;
Labhair le d'fhostóir;
Téigh i dteagmháil le heagraíochtaí a thairgeann foghlaim aosach i do thír féin. Tá ballaíocht ollmhór ag an gCumann Eorpach um Oideachas Aosach (EAEA) d'eagraíochtaí foghlama aosaí san Eoraip, ar féidir leat dul i dteagmháil leo.
Bain gach leas is féidir as an idirlíon, .m.sh. as na MOOCanna (Cúrsaí Ollmhóra Oscailte ar Líne). Tabhair cuairt ar Open Education Europa Portal chun MOOCanna san Eoraip a chuardach;
- Euroguidance , ar líonra é d'ionaid trína nasctar córais ghairmthreoracha san Eoraip;
Féach ar fhaisnéis agus ar anailís ar chórais agus ar bheartais oideachais Eorpacha ar The Eurydice Network;
Seiceáil Ploteus, a chuireann faisnéis ar fáil ar chúrsaí ar fhoghlaim obairbhunaithe agus ar cháilíochtaí.
Ar mhaith leat tuairim a thabhairt? Logáil isteach nó cláraigh
| Bí linn ar