chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

ríomhArdán d’Fhoghlaim Aosach san Eoraip

 
 

Cén bhaint atá ag EPALE le clár Grundtvig?

Bhí clár Grundtvig ina chuid de Chlár an AE um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil ó 2007-2013. Thacaigh sé le daoine aonair agus le heagraíochtaí a bhí bainteach le haosoideachas neamhghairmiúil chun go bhféadfaidís bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i dtionscadail oiliúna Eorpacha.

Fáisceadh EPALE as an ngá, a chuir geallsealbhóirí Grundtvig in iúl, le spás ina bhféadfaí smaointe agus cleachtais a mhalartú d'fhonn a gcleachtas gairmiúil a fhorbairt. Chuir imeachtaí agus líonraí Grundtvig spás ar fáil ina bhféadfaí bunsmaoineamh EPALE a phlé agus tús a chur lena fhorbairt.

Molaimid do líonraí agus do thionscadail a bhfuil tacú ann dóibh i gclár Grundtvig clárú mar úsáideoirí EPALE. Mar sin féin, tá súil ag EPALE gairmithe eile foghlama aosaí nach bhfuil bainteach le tionscadail Eorpacha cheana féin a mhealladh.

Tairgfidh ardán EPALE gnéithe idirghníomhacha, a chumasóidh d'úsáideoirí nascadh le daoine eile ar fud an domhain, dul i mbun díospóireachta agus dea-chleachtas a mhalartú. Foilseofar ar an suíomh, leis, i leabharlann na n-acmhainní, acmhainní a cruthaíodh faoi Grundtvig . Molfar don lucht tionscadail a n-imeachtaí a fhoilsiú agus aon dea-chleachtas nó acmhainní atá cruthaithe acu a chomhroinnt ar an ardán.