chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Plateforme électronique pour l'éducation et la formation des adultes en Europe

 
 

Cé a líon isteach an suirbhé seo?

Fuarthas 1,914 freagra ó 37 tír. Ón Iodáil a tháinig an líon ba mhó freagraí de réir tíre, agus an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc a bhí sa dara agus tríú háit. Is iomaí freagra a fuarthas ón mBeilg, leis. Fuarthas líon maith freagraí ó roinnt tíortha i gcomparáid lena ndaonra.

Gairmithe aosoideachais ab ea 42% de na freagróirí. Daoine a roghnaigh níos mó ná cineál eagraíochta amháin, ba iad na cineálacha eagraíochta a cuireadh le chéile go hiondúil:

Cérbh é cuspóir an tsuirbhé?

Rinneadh an suirbhé in Aibreán-Bealtaine 2014 chun pictiúr níos soiléire a fháil d'úsáideoirí féideartha EPALE agus dá riachtanais agus sainroghanna, d'fhonn roinnt treoirphrionsabal a shocrú d'fhorbairt an tsuímh Ghréasáin agus an phobail.

An ngéilleann EPALE do W3C?

Comhlíonann EPALE caighdeáin áirithe Gréasáin, m.sh. leibhéil HTML 4.01, XHTML 1.0 Transitional, CSS 2.1 agus WAI A. Is é Cuibhreann an Ghréasáin ar Fud an Domhain (WC3) a cheap na caighdeáin seo chun teacht ar an idirlíon a fheabhsú.

Cé acu brabhsálaí ar chóir dom a úsáid?

Ba mhaith le EPALE faisnéis a chur ar fáil don raon úsáideoirí is leithne is féidir agus ní mholtar aon phacáiste bogearraí ar leith a úsáid. Déanaimid iarracht tacú leis na leaganacha is déanaí de na brabhsálaithe is coitianta dá bhfuil ar fáil agus leas a bhaint as na nua-theicneolaíochtaí atá ar fáil iontu. Molaimid duit a chinntiú go bhfuil an leagan is déanaí de do bhrabhsálaí suiteáilte agat.

Tá mo phasfhocal dearmadta.

Má tá do phasfhocal dearmadta agat, is féidir leat é a athshocrú trí chliceáil ar an rogha Pasfhocal dearmadta ar leathanach logála isteach shuíomh Gréasáin EPALE.

Gheobhaidh tú ríomhphost ag iarraidh ort do phasfhocal a athshocrú. Iarrfar ort an pasfhocal a iontráil faoi dhó chomh maith le captcha, chun turscar a sheachaint. Iontráil na sonraí agus beidh tú in ann logáil isteach in ardán EPALE le do phasfhocal nua.

Rinne mé iarracht clárú ach ní ghlacfaí leis an ainm úsáideora a roghnaigh mé.

Is féidir gur roghnaigh úsáideoir éigin eile cheana féin an t-ainm úsáideora a bhí uaitse. Sula ndéanann tú iarracht clárú le hainm úsáideora eile, féach go nglanann tú an chuimhne agus an dioscthaisce i do bhrabhsálaí. Ansin roghnaigh ainm úsáideora agus pasfhocal difriúil agus seolfar ríomhphost clárúcháin chugat, tar éis clárú, ag iarraidh ort do sheoladh ríomhphoist a bhailíochtú. Má tá tuilleadh cabhrú uait, scríobh ríomhphost chuig deasc chabhrach EPALE ag helpdesk@epale-support.eu.

Conas a chláraím mar bhall d'EPALE?

Is féidir clárú anseo: link

Is féidir leat ainm úsáideora agus pasfhocal pearsanta a roghnú agus seolfar ríomhphost clárúcháin chugat, tar éis clárú, ag iarraidh ort do sheoladh ríomhphoist a bhailíochtú. A luaithe a bhíonn sé sin déanta, beidh teacht agat ar gach cuid den suíomh.


 

 

An gá dom clárú chun EPALE a úsáid?

Is féidir clárú anseo: [link]

Is féidir leat ainm úsáideora agus pasfhocal pearsanta a roghnú agus seolfar ríomhphost clárúcháin chugat, tar éis clárú, ag iarraidh ort do sheoladh ríomhphoist a bhailíochtú. A luaithe a bhíonn sé sin déanta, beidh teacht agat ar gach cuid den suíomh.


 

Conas a déarfar liom é má chuirtear imeacht ar ceal?

Uaireanta is gá imeacht a chur ar ceal mar gheall ar easpa spéise nó cúinsí nach raibh coinne leo. Ní féidir leis an gCoimisiún Eorpach aon fhreagracht a ghlacadh as cealú aon cheann de na himeachtaí i bhféilire EPALE. Moltar d'úsáideoirí láithreáin ghréasáin na n-imeachtaí aonair a sheiceáil go rialta le cinntiú go mbíonn siad ar an eolas faoi aon athrú ar an imeacht.

Conas a aimsím imeacht ar leith?

Chun imeacht ar leith a aimsiú, is féidir ardchuardach a dhéanamh agus teanga agus suíomh agus iad sin amháin a chur sna paraiméadair chuardaigh. Nó d'fhéadfadh sé a bheith úsáideach an tslí ina dtaispeántar imeachtaí a athrú. Is féidir imeachtaí a thaispeáint ar chúig shlí dhifriúla:

  1. Taispeáint bhliantúil

  2. Taispeáint mhíosúil

  3. Taispeáint sheachtainiúil

  4. Taispeáint laethúil

An féidir liom imeacht a phostáil san fhéilire?

Más eol duit imeacht (comhdháil, imeacht, seisiún oiliúna, cúrsa, MOOC, etc.) a bheidh ag tarlú nó má tá ceann á eagrú agat féin do ghairmithe foghlama aosaí, is féidir leat an fhaisnéis a chur chugainn i ríomhphost chuig helpdesk@epale-support.eu. Ní mór go gcomhlíonfadh d'imeacht na critéir seo a leanas:

  • An mbaineann an t-imeacht le foghlaim aosach (gairmoideachas agus oiliúint leanúnach san áireamh)?

Conas a chuirfidh mé eolas ar imeachtaí foghlama aosaí?

Seiceáil ár bhféilire anseo [link]. Gheofar san fhéilire uainn faisnéis ar imeachtaí foghlama aosaí Eorpacha agus náisiúnta. Áireofar air sin comhdhálacha, seimineáir, ceardlanna, seimineáir theagmhála, imeachtaí ginearálta, cúrsaí oiliúna, MOOCanna agus tuilleadh nach é. Agus is féidir imeachtaí a chuardach de réir teanga nó áite. 



Cad a dúirt úsáideoirí féideartha EPALE mar gheall ar an ilteangachas?

Sheol EPALE suirbhé ar úsáideoirí in Aibreán-Bealtaine 2014 chun tuairimí geallsealbhóirí san earnáil foghlama aosaí san Eoraip ar ghnéithe beartaithe EPALE a fháil. Fuarthas 1,914 freagra ó 37 tír sa suirbhé, a léirigh go raibh formhór na bhfreagróirí ar a gcompord le Béarla. Mar sin féin, is suíomh ilteangach é EPALE agus beidh príomhleathanaigh an ardáin ar fáil i 24 teanga, agus roinnt den phríomhfhaisnéis ar fáil i sé cinn de phríomhtheangacha an AE (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Polainnis, Spáinnis). 

Cad iad na teangacha ina mbeidh EPALE ar fáil?

Áis ilteangach is ea EPALE; beidh príomhinneachar áirithe ar fáil in 24 teanga, agus gnéithe áirithe i sé cinn de phríomhtheangacha (Béarla, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis, Gearmáinis agus Polainnis). Cuir san áireamh go bhfuil suíomh EPALE á fhorbairt i láthair na huaire agus go gcuirfear na haistriúcháin ar fáil de réir a chéile.

Is déantóir beartais mé i réimse na foghlama aosaí – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Is féidir leat úsáid a bhaint as ionad acmhainní EPALE (a bheidh ar fáil go gairid) chun fáil amach faoi dhea-chleachtas, ábhar modheolaíochta, torthaí taighde etc. a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise maidir le forbairt do bheartais agus don phlé mar gheall air.

Is iriseoir mé – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Mar iriseoir, seans gur mhaith leat dul chuig an seomra nuachta chun an scéala is déanaí ar fhoghlaim aosach a fháil. Lena chois sin, tá raidhse uirlisí úsáideacha ar an suíomh, m.sh. féilire imeachtaí agus leabharlann acmhainní maidir le dea-chleachtas (a bheidh ar fáil go gairid), lena n-áirítear na torthaí taighde agus na suirbhéanna is déanaí mar gheall ar fhoghlaim aosach. Más spéis leat an scéala is déanaí ar fhoghlaim aosach ar fud na hEorpa a fháil, is ar EPALE a gheofar é.

Oibrím in eagraíocht foghlama aosaí atá ag lorg maoiniú – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Cé nach gcuireann EPALE maoiniú ar fáil, gheofar ar an ardán faisnéis mar gheall ar dheiseanna maoinithe. Gheobhaidh tú amach tuilleadh fúthu seo ach cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin Erasmus+, clár nua oideachais, oiliúna, óige agus spóirt an AE le haghaidh 2014-2020, ina bhféachtar le cáilíocht agus ábharthacht cáilíochtaí agus scileanna a mhéadú.

Is ball mé de líonra/eagraíocht foghlama aosaí – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Tairgeann an suíomh raidhse uirlisí úsáideacha, lena n-áirítear féilire imeachtaí, gluais téarmaí, tuarascálacha saintíre, an scéala is déanaí ar fhoghlaim aosach agus leabharlann acmhainní (a bheidh ar fáil go gairid).

Lena chois sin, tugann EPALE an deis duit do chomhdhálacha, do chúrsaí agus do sheimineáir a fhógairt san fhéilire ar líne, agus próifíl d'eagraíochta a mhéadú ar fud na hEorpa. Déanfar imeachtaí san fhéilire a scaipeadh trí chuntais meán sóisialta EPALE, lena n-áirítear Twitter, Facebook agus LinkedIn.

Is acadóir mé – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Cuireann EPALE stór acmhainní foghlama aosaí (a bheidh ar fáil go gairid) ar fáil, lena n-áirítear faisnéis ar thorthaí taighde, staitisticí agus torthaí ar shuirbhéanna, chomh maith le tuarascálacha agus torthaí a bhaineann go sonrach leis an earnáil. Beidh an deis agat do thuairim a thabhairt ar bhlaganna tráthúla agus bheith páirteach i ndíospóireachtaí. Gheofar ar EPALE féilire cúrsaí agus imeachtaí, lena n-áirítear comhdhálacha ardleibhéal, a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise duit.

Is gairmí foghlama aosaí mé – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Bunaíodh EPALE ar mhaithe leatsa agus le gairmithe foghlama eile, chun cabhrú leat foghlaim óna chéile agus do chleachtas gairmiúil a fhorbairt. Seo iad na daoine a ndíríonn an suíomh orthu: múinteoirí, oiliúnóirí, taighdeoirí, acadóirí, lucht déanta beartas agus gairmithe atá obair laistigh den earnáil foghlama aosaí ar fud na hEorpa. Tairgeann an suíomh raidhse uirlisí úsáideacha, lena n-áirítear féilire imeachtaí, gluais téarmaí, an scéala is déanaí ar fhoghlaim aosach agus leabharlann acmhainní (a bheidh ar fáil go gairid).

Is foghlaimeoir aosach mé – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Cé gur bunaíodh EPALE ar mhaithe le foghlaimeoirí aosach, a thairbheoidh, ar deireadh thiar, d'fhorbairt na hearnála foghlama aosaí, is orthu siúd a chuireann aosoideachas ar fáil agus a eagraíonn é, seachas ar na foghlaimeoirí féin, a dhíríonn an suíomh Gréasáin seo.

Ach gheobhaidh tú faisnéis ar fhoghlaim aosach ar fud na hEorpa ar an ardán, leis. Más mian leat dul i mbun gníomhaíochtaí foghlama, seo roinnt moltaí a d'fhéadfadh cabhrú leat:

Cad é sainmhíniú EPALE ar fhoghlaim aosach?

Glacann EPALE le sainmhíniú Chomhairle an Aontais Eorpaigh  ar fhoghlaim aosach, atá luaite i Rún 2011 ón gComhairle ar chlár oibre athnuaite d'fhoghlaim aosach: “clúdaíonn an téarma foghlaim aosach raon iomlán na ngníomhaíochtaí foghlama foirmiúla, neamhfhoirmiúla agus mífhoirmiúla — idir ghinearálta agus ghairmiúil — a dhéanann aosaigh

Cad é sainmhíniú EPALE ar ghairmí foghlama aosaí?

Cuimsítear sa téarma 'gairmí foghlama aosaí' raon leathan daoine agus eagraíochtaí (lena n-áirítear líonraí, grúpaí agus saorálaithe) a oibríonn san earnáil foghlama aosaí. Ina measc siúd bheadh:

  • Soláthraithe foghlama aosaí (lena n-áirítear fostóirí, ollscoileanna, eagraíochtaí neamhrialtasacha, etc.), múinteoirí, oiliúnóirí, múinteoirí faoi oiliúint agus saorálaithe;

  • Acadóirí, mic léinn; taighdeoirí;

Cén difear idir EPALE agus an ríomhnascadh?

Is áit cruinnithe fhíorúil é an ríomhnascadh le haghaidh obair i gcomhar idir scoileanna, múinteoirí agus daltaí, agus eagraítear imeachtaí air le haghaidh forbairt ghairmiúil múinteoirí. Féachann EPALE le pobal ar líne a thógáil don earnáil foghlama aosaí agus do ghairmithe foghlama aosaí.

Pages

S'abonner à EPALE RSS