chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Plateforme électronique pour l'éducation et la formation des adultes en Europe

 
 

Is gairmí foghlama aosaí mé – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Bunaíodh EPALE ar mhaithe leatsa agus le gairmithe foghlama eile, chun cabhrú leat foghlaim óna chéile agus do chleachtas gairmiúil a fhorbairt. Seo iad na daoine a ndíríonn an suíomh orthu: múinteoirí, oiliúnóirí, taighdeoirí, acadóirí, lucht déanta beartas agus gairmithe atá obair laistigh den earnáil foghlama aosaí ar fud na hEorpa. Tairgeann an suíomh raidhse uirlisí úsáideacha, lena n-áirítear féilire imeachtaí, gluais téarmaí, an scéala is déanaí ar fhoghlaim aosach agus leabharlann acmhainní (a bheidh ar fáil go gairid).

De réir mar a fhorbraítear an suíomh beidh ar do chumas ábhair theagaisc agus dea-chleachtas, smaointe agus acmhainní a mhalartú le daoine eile ar fud na hEorpa. Lena chois sin, beidh áis chuardaigh comhpháirtí ar fáil ar an suíomh chun cabhrú leat comhpháirtithe a aimsiú chun dul i mbun líonraithe leo, dea-chleachtas a mhalartú agus comhthionscadail a fhorbairt leo.