chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Plateforme électronique pour l'éducation et la formation des adultes en Europe

 
 

Is foghlaimeoir aosach mé – cad a chuireann EPALE ar fáil dom?

Cé gur bunaíodh EPALE ar mhaithe le foghlaimeoirí aosach, a thairbheoidh, ar deireadh thiar, d'fhorbairt na hearnála foghlama aosaí, is orthu siúd a chuireann aosoideachas ar fáil agus a eagraíonn é, seachas ar na foghlaimeoirí féin, a dhíríonn an suíomh Gréasáin seo.

Ach gheobhaidh tú faisnéis ar fhoghlaim aosach ar fud na hEorpa ar an ardán, leis. Más mian leat dul i mbun gníomhaíochtaí foghlama, seo roinnt moltaí a d'fhéadfadh cabhrú leat:

  • Téigh i dteagmháil leis an tseirbhís oideachais i do chathair/réigiún féin;

  • Féach ar na roghanna oideachais atá ar fáil duit ó chumainn, ollscoileanna, scoileanna teanga, músaeim, leabharlanna, etc. i do chathair/réigiún féin;

  • Labhair le d'fhostóir;

  • Téigh i dteagmháil le heagraíochtaí a thairgeann foghlaim aosach i do thír féin. Tá ballaíocht ollmhór ag an gCumann Eorpach um Oideachas Aosach (EAEA)  d'eagraíochtaí foghlama aosaí san Eoraip, ar féidir leat dul i dteagmháil leo.

  • Bain gach leas is féidir as an idirlíon, .m.sh. as na MOOCanna (Cúrsaí Ollmhóra Oscailte ar Líne). Tabhair cuairt ar Open Education Europa Portal  chun MOOCanna san Eoraip a chuardach;

  • Euroguidance , ar líonra é d'ionaid trína nasctar córais ghairmthreoracha san Eoraip;

    Féach ar fhaisnéis agus ar anailís ar chórais agus ar bheartais oideachais Eorpacha ar The Eurydice Network;

  • Seiceáil Ploteus, a chuireann faisnéis ar fáil ar chúrsaí ar fhoghlaim obairbhunaithe agus ar cháilíochtaí.