chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Plateforme électronique pour l'éducation et la formation des adultes en Europe

 
 

Cén bhaint atá ag EPALE le Erasmus+?

Is é Erasmus+ clár nua oideachais, oiliúna, óige agus spóirt an AE le haghaidh 2014-2020, ina bhféachtar le cáilíocht agus ábharthacht cáilíochtaí agus scileanna a mhéadú. Gabhann sé áit an Chláir um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil) agus chlár  Grundtvig (Aosoideachas).

Tá Erasmus+ ar oscailt dóibh seo a leanas: mic léinn, múinteoirí, printísígh, saorálaithe, ceannairí óige agus daoine atá ag obair i gcúrsaí spóirt. Cuireann sé maoiniú ar fáil do chomhpháirtíochtaí idir institiúidí oideachais, eagraíochtaí óige, fiontair, údaráis áitiúla agus údaráis réigiúnacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, chomh maith le tacú le hathchóiriú sna Ballstáit ar mhaithe leis an oideachas agus an oiliúint a nuachóiriú agus an nuáil, an fhiontraíocht agus an infhostaitheacht a chur chun cinn.

Maoinítear EPALE trí Phríomhghníomhaíocht 2 de chlár Erasmus+; tacaítear leis faoi alt 14.1.b den chinneadh dlíthiúil lenar glacadh clár Erasmus+ agus díríonn sé ar fhoghlaim aosach agus ar oideachas agus oiliúint leanúnach (C-VET).