chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Plateforme électronique pour l'éducation et la formation des adultes en Europe

 
 

Cén difear idir EPALE agus an ríomhnascadh?

Is áit cruinnithe fhíorúil é an ríomhnascadh le haghaidh obair i gcomhar idir scoileanna, múinteoirí agus daltaí, agus eagraítear imeachtaí air le haghaidh forbairt ghairmiúil múinteoirí. Féachann EPALE le pobal ar líne a thógáil don earnáil foghlama aosaí agus do ghairmithe foghlama aosaí.

Féilire pan-Eorpach inchuardaithe de chúrsaí agus d'imeachtaí a bheidh ina n-ábhar spéise do ghairmithe foghlama aosaí; Beidh raon leathan acmhainní, nuachta, imeachtaí agus uirlisí líonraithe, a bheidh oideachasúil agus úsáideach, ar ardán EPALE, mar aon le hinneachar ardchaighdeán ó shaineolaithe sa réimse seo, inneachar a aistreofar isteach sna príomhtheangacha.

Ag an gcéim seo, ní mheastar go mbeidh imeachtaí do bhunmhúinteoirí agus d'iar-bhunmhúinteoirí i bhféilire EPALE, mar a bhíonn i bhféilire an ríomhnasctha, de bhrí go ndíríonn EPALE ar fhoghlaimeoirí aosach mar úsáideoirí deiridh. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh, leis, nach gcuirfear deis ar fáil faoi EPALE chun ranganna a nascadh, faoi mar a dhéantar sa ríomhnascadh, de bhrí nach ionann ranganna aosach agus na cineálacha ranganna a fhaightear sa bhunoideachas agus san iar-bhunoideachas.