chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Plateforme électronique pour l'éducation et la formation des adultes en Europe

 
 

Conas a mhaoinítear EPALE?

Is é an Coimisiún Eorpach a mhaoiníonn EPALE mar chuid dá straitéis iomlán foghlama aosaí maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil. Ar dtús, cuireadh an maoiniú ar fáil trí chlár na Foghlama ar feadh an tSaoil/Grundtvig (2007-2013) ach is trí Príomhghníomhaíocht 2 de chlár Erasmus+ (2014-2020) a mhaoinítear anois é.

Cuireann rialtais na mBallstát cómhaoiniú ar fáil chun na Seirbhísí Náisiúnta Tacaíochta a chur sa tsiúl. 

Tacaítear le EPALE faoi alt 14.1.b den chinneadh dlíthiúil lenar glacadh clár Erasmus+. Tá feidhm thábhachtach aige i dtaca le baint amach na spriocanna atá leagtha amach i Rún 2011 um Chlár Oibre Athnuaite Eorpach d'Fhoghlaim Aosach agus  Oideachas agus Oiliúint 2020 ón gComhairle