chevron-down chevron-left chevron-right chevron-up home circle comment double-caret-left double-caret-right like like2 twitter epale-arrow-up text-bubble cloud stop caret-down caret-up caret-left caret-right file-text

EPALE

Plateforme électronique pour l'éducation et la formation des adultes en Europe

 
 

Céard é EPALE?

Is é atá in EPALE an pobal nua ilteangach de ghairmithe foghlama aosaí. Is é a aidhm feabhas a chur ar cháilíocht agus ar sholáthar na foghlama aosaí san Eoraip, earnáil láidir uile-Eorpach a bhunú don fhoghlaim aosach agus gairmithe agus iolraitheoirí aosoideachais a chumasú chun lámh a shíneadh chuig gach duine fásta.

Mar sin, má tá tú bainteach leis an bhfoghlaim aosach mar ghairmí nó mar shaorálaí, mar údarás poiblí, déantóir beartais nó mar acadóir, is duitse atá EPALE á thógáil!

Bunaíodh EPALE ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir aosach a bheidh ina thairbhí d'fhorbairt na hearnála foghlama aosaí, ar deireadh thiar, cibé i dtimpeallacht fhoirmiúil nó i dtimpeallacht neamhacadúil. Mar sin féin, díríonn an suíomh orthu siúd a eagraíonn an t-aosoideachas agus a chuireann é ar fáil, seachas ar na foghlaimeoirí féin.

Tosaíodh ar EPALE a fhorbairt in earrach 2014, agus tá na gnéithe éagsúla á gcur ar fáil de réir a chéile. Tá súil againn go mbeidh an t-ardán iomlán réidh go luath in 2015.